PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: An absolute fool, amadán críochnaithe, déanta.
An abstemious meal, béile gann.
To remedy an abuse, deireadh a chur le míchleachtadh.
To accede to an office, dul i gceann dualgais.
He had, met with, an accident, bhain míthapa, timpiste, de.
To come to an accommodation, socrú de thoil a chéile, réiteach a dhéanamh.
To cast an account, cuntas a áireamh.
To settle an account, scór, cuntas, a ghlanadh.
To give an account of sth., cuntas a thabhairt ar rud.
To give an account of the position of affairs, léiriú a dhéanamh ar na gnóthaí.
He gave an account of himself, (i) thug sé cuntas ina ghníomhartha, ina chuid oibre; (ii) thug sé tuairisc ar a cháilíocht.
To accredit an ambassador to a government, ambasadóir a chreidiúnú do rialtas.
F: Within an ace of, faoi aon do; faoi orlach do; i bhfoisceacht cnaipe do.
I was within an ace of falling, ní raibh ann ach nár thit mé.
An aching tooth, fiacail thinn, fiacail fhrithir.
To make an acknowledgment of . . ., géilleadh do, glacadh le ...
He acted the part of an honest man, rinne sé go hionraic é.
To bring an action against a person, an dlí a chur ar dhuine; duine a thabhairt chun dlí.
There is an active demand for wool, tá ráchairt mhór ar an olann.
He was an active party to it, he took an active part in it, bhí lámh bheo san obair aige.
It is an actual fact, níl aon fhocal bréige ann.
Take an actual case, breathnaigh ar shampla corpartha.
An addition to my salary, ardú m, méadú m, ar mo thuarastal.
s.He is an adept at it, tá sé ina mháistir air; tá sé ar bharra a mhéar aige.
To administer an oath to s.o., duine a mhionnú, a chur faoi mhionn.
He was an admirer of hers, bhí sé geallmhar uirthi tráth.
He gave it an admiring look, chaith sé súil thaitneamhach air.
An admitted thief, gadaí cruthaithe.
Pharm: Water with an admixture of alcohol, uisce agus roinnt alcóil ann.
To make an advance, dul chun cinn.
v.i. & pr.To adventure (oneself) (up)on an undertaking, dul i bhfiontar le gnó.
She had an affair with an Englishman, bhí sí mór le Sasanach tamall.
He affects to be an artist, cuireann sé i gcéill gur ealaíontóir é.
He has an affection for her, he feels an affection towards her, tá sé geallmhar uirthi.
He made an affirmative sign, rinne sé comhartha aontachta.
To put an affront on s.o., to offer an affront to s.o., masla cainte a thabhairt do dhuine; lasadh a bhaint as duine.
To suffer an affront (at the hands of s.o.), masla a fháil (ó dhuine).
To pocket an affront, luí faoi easonóir.
They are of an age, comhaois iad.
F: It is an age, it is ages, since I saw him, ní fhacas leis na cianta é.
An aged man, seanfhear m.
He arrived an hour ago, tháinig sé tá uair ó shin.
To enter into, conclude, an agreement with s.o., comhaontú a dhéanamh le duine.
To come to an agreement, socrú a dhéanamh.
They have an agreement, tá socrú eatarthu.
An aimless sort of life, saol fánach.
There is an air of sadness everywhere, tá dreach brónach ar gach rud ann.
F: He has an air about him, tá cuma ghalánta air; tá roilsí ag baint leis.
He carried it off with an air, rinne sé go healaíonta é.
To take an airing, dul amach faoin aer; dul amach ag déanamh na gcos.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Dingle, a small town in Kerry, An Daingean, baile beag i gCiarraí.
A woman is too interested in clothes, bíonn an iomarca spéise ag an mbean i gcúrsaí éadaí.
They were threepence a pound, trí phingin an punt a bhí orthu.
Three pence a head, trí phingin an duine.
When I opened the door a man jumped in, nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach.
To eat two at a time, péire a ithe le chéile, ag an am (céanna).
(Of ship) To be aback, an ghaoth a bheith ina haghaidh.
She was caught, taken, aback, tháinig an ghaoth ina haghaidh, daor uirthi.
To abandon ship, an long a fhágáil.
To abandon oneself to drink, ligean leat féin leis an ól.
The matter is still in abeyance, tá an gnó sin ar fionraí fós.
It is abhorrent to, from, the constitution, níl sé ag cur leis an mbunreacht.
I abide by what I said, seasaim leis an méid a dúras,
To abide the test, an triail a sheasamh.
The ablative absolute, an t-ochslaíoch leithliseach.
A very able man, fear an-ábalta.
The hills (round) about the town, na cnoic timpeall an bhaile.
Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill.
It is about time, (i) tá sé ag tarraingt ar an am; (ii) Iron: is mithid é.
To send a person about his business, an bóthar a thabhairt do dhuine.
The water reached above their knees, bhí an t-uisce os cionn na nglún orthu.
Hovering above the town, ag foluain os cionn an bhaile.
A mountain rises above the lake, tá cnoc ina sheasamh ar imeall an locha.
His voice was heard above the din, chualathas a ghlór os cionn an ghleo.
See the paragraph above, féach an t-alt thuas.
The news got abroad, leath an scéal; chuaigh an scéal amach.
He was conspicuous by his absence, thabharfadh an saol mór faoi deara nach raibh sé ann.
Phil: The absolute, an absalóid.
The two fields abut, tá an dá pháirc ag síneadh le chéile, teorainn ar theorainn le chéile.
The speed accelerated, ghéaraigh ar an luas.
The accepted custom, an nós a nglactar leis, an nós aitheanta.
He secured their acceptance of the proposal, thug sé orthu glacadh leis an moladh.
This proposal met with general acceptance, glacadh go forleathan leis an moladh seo.
Access to the door is by a flight of steps, suas staighre a théitear go dtí an doras.
The accessibility of the house, a éasca atá sé an teach a bhaint amach.
He is very accessible, tá sé an-fhurasta dul chun cainte leis.
Jur: Accessory before the fact, cúlpháirtí roimh an ngníomh.
Prov: Accidents will happen, nuair a thig an chaill tig an fhaill; ní leithne an t-aer ná an timpiste.
The motion was carried by acclamation, ritheadh an tairiscint go lúcháireach.
It would be a great accommodation to me, ba mhór an deis, an áis, dom é.
He accompanied his words with a cuff, bhí an buille chomh luath leis an bhfocal aige.
To accompany a person on the piano, duine a thionlacan ar an bpianó.
Statement in accordance with truth, caint ag cur leis an bhfírinne.
The Gospel according to St. Luke, an Soiscéal mar a léitear ag Lúcás.
Account of expenses, bille an chostais.
To leave sth. out of account, to take no account of sth., rud a fhágáil as an áireamh.
On account of the war, as siocair, de bharr, an chogaidh.
He accounts himself lucky, tá an t-ádh air, dar leis.
Jur: The accused, an cúisí.
The ace of hearts, an t-aon hairt.