PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
In spite of his apparent indifference, cé go sílfeadh duine go raibh sé ar nós chuma liom.
At all events, ar aon nós; ar scor ar bith.
He gave a casual answer, d'fhreagair sé ar nós chuma liom.
He chimed in with the laughter, thosaigh sé ag gáirí ar nós na coda eile.
To cough consumptively, casacht ar nós dá mba eitinn a bheadh ort.
Like one distracted, ar nós duine buile.
He eats like a wolf, itheann sé ar nós an ghadhair; alpann sé a chuid.
I soon fell into their ways, ba ghearr gur éiríos cleachta ar a nósanna.
To fall into a habit, tosú ar nós a chleachtadh.
After the fashion of . . ., de réir gnáis . . ., ar nós . . .
Like a father, ar nós athar.
He flung himself about like a madman, bhí sé á thuairteáil féin timpeall ar nós geilte.
He wore his usual garb of indifference, bhí sé ar an aiste is gnáthaí aige, ar nós chuma liom.
To do things by halves, rud a dhéanamh ar nós chuma liom.
To do sth. in a happy-go-lucky fashion, rud a dhéanamh ar nós chuma liom.
He is indifferent to it, tá sé ar nós na réidhe ann, ar nós chuma liom faoi.
To keep Christmas in the old style, an Nollaig a cheiliúradh ar an sean-nós.
I can at least try, féadfad é a thriail ar aon nós.
To speak lightly of sth., labhairt ar nós chuma liom, go neamhthuairimeach, faoi rud.
F: Lightning progress, dul chun cinn ar nós na gaoithe.
Men like ourselves, daoine ar ár nós féin.
Like me, ar mo nós, mar mise.
To come back like a bad penny, teacht ar ais ar nós na drochaimsire.
To scud away, off, imeacht ar nós na gaoithe.
They follow one another like sheep, leanaid a chéile ar nós na lachan.
In a spiral, ar nós bíse.
Something in that style, rud éigin ar an nós sin.
He swears like a trooper, bíonn sé ag mallachtú ar nós an diabhail.
As though, (faoi) mar, ar nós.
Smile of unconcern, meanga ar nós chuma liom.
It whisked past, scinn sé thart ar nós na gaoithe.
The motor cycle whizzed past us, chuaigh an gluaisrothar tharainn ar nós na gaoithe.