PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I come after he goes, tiocfaidh mise tar éis dó sin imeacht, nuair a bheas seisean imithe.
When he arrives at the age of sixty, nuair a bheas sé i gceann a thrí fichid bliain.
What will come of it? cén toradh a bheas air?
As soon as oysters come in, chomh luath agus a bheas na hoisrí i séasúr.
The case comes on to-morrow, amárach a bheas an chúis á plé.
Confound him! nára fearr a bheas sé!
At your earliest convenience, a luaithe a bheas caoi agat.
When the period has ended, nuair a bheas an tréimhse istigh, thuas, caite.
When a certain period shall have expired, nuair a bheas tréimhse áirithe thuas, istigh, caite.
Christmas falls on a Friday this year, ar an Aoine a bheas lá Nollag i mbliana.
What I say goes, an rud a déarfadsa is é a bheas déanta.
In happier circumstances, nuair a bhí (bheas, etc.) an scéal níos fearr.
When the mortar is hard-set, nuair a bheas an moirtéal sioctha, cruaite.
When the question comes nearer home to him he will think differently, nuair a bheas an crú ar an gcois aige féin beidh a mhalairt de thuairim aige.
What will you make by it? cén sochar a bheas agat air? cé mhéad a bheas tú buaite ann?
It will be so much less to pay, sin mar is lú a bheas le híoc.
What's on tonight? (i) cad é a bheas ar cois anocht? (ii) cad é a bheifear a dhéanamh anocht?
How are you? I am well, thank you, conas tá tú? Go maith, slán a bheas tú.
I don’t know how it will turn out, níl fhios agam cad é an deireadh a bheas air.
What will be the upshot of it? cad é an deireadh a bheas air?
You will get a better view of it from here, is fearr an radharc a bheas uaidh seo agat air.
When is the meeting? cathain a bheidh, a bheas, an cruinniú ann?
While I live you shall lack nothing, fad a bheas mé beo ní bheidh aon easpa ort.