PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Accurate memory, cuimhne ghrinn.
To the best of my knowledge, recollection, ar feadh m'eolais, mo chuimhne.
His mind is blank, (i) níl cuimhne aige ar rud ar bith; (ii) níl aon smaoineamh amháin ina cheann.
This brings me back to my childhood, cuireann seo laethanta m'óige i gcuimhne dhom.
To carry sth. in one's head, rud a choinneáil i gcuimhne.
It's all coming back to me, tá sé ag teacht ar ais chun mo chuimhne arís.
In commemoration of s.o., i gcuimhne duine.
Distinct memory, cuimhne ghrinn.
He drew upon his memory, chuaigh sé ar iontaoibh a chuimhne.
Little did I dream that...., is beag dá chuimhne a bhí agam go...
He drowned his sorrow in drink, chuir sé cuimhne a bhuartha as a cheann leis an ól.
Her memory dwells with me, maireann a cuimhne i m'aigne.
My earliest recollection, an chuimhne is faide siar i mo cheann; mo sheanchuimhne.
Embedded in his memory, i ndlúth agus in inneach a chuimhne.
Engraved on my memory, neadaithe i mo chuimhne.
His name had escaped me, bhí a ainm imithe as mo chuimhne.
His memory often fails him, is minic a chliseann an chuimhne air.
His memory is failing, tá meath ag teacht ar a chuimhne.
It is faintly reminiscent of..., chuirfeadh sé ... i gcuimhne roinnt bheag.
As far back as I can remember, chomh fada siar agus tá cuimhne agam.
As far as I remember, chomh fada le mo chuimhne; más maith mo chuimhne.
Memory at fault, cuimhne bhearnach.
It became fixed in my memory, chuaigh sé i bhfostú i mo chuimhne.
I have forgotten it, tá sé imithe as mo chuimhne.
That is easily forgotten, ní fada a mhaireann cuimhne ar a leithéid.
He is very forgetful, níl aon chuimhne aige.
It is still fresh in my memory, maireann sé fós i mo chuimhne; tá cuimhne ghrinn fós agam air.
It will be a long time before I get over it, is fada go gcuirfead a chuimhne as mo cheann.
It is graven on my memory, ní scarfaidh sé go brách le mo chuimhne.
To keep s.o.'s memory green, cuimhne duine a choinneáil beo, buan.
If I do happen to forget, más amhlaidh a ligim as mo chuimhne é.
Haunted by memories, ciaptha ag cuimhní.
To give s.o.'s memory a jog, cuimhne duine a mhúscailt.
To jog s.o.'s memory, cuimhne duine a mhúscailt.
Lapse of memory, cliseadh m cuimhne, dearmad m.
His name will live, beidh cuimhne air.
A day to look back to! lá a mbeidh cuimhne air!
He has wonderful memory, tá cuimhne na seacht nduine aige.
I have a bad memory for names, níl maith ar bith ionam ag coinneáil cuimhne ar ainmneacha.
It came back to my memory, tháinig sé ar ais chun mo chuimhne.
To the best of my memory, ar feadh mo chuimhne; chomh fada agus is cuimhneach liom.
Within living memory, le cuimhne na ndaoine.
Childhood memories, cuimhne na hóige.
We shall keep his memory, beidh sé inár gcuimhne.
To bear, keep, sth. in mind, (i) cuimhne a choinneáil ar rud; gan rud a ligean chun dearmaid; (ii) cuimhneamh ar rud.
To bring, to (re)call, sth. to s.o.'s mind, rud a chur i gcuimhne do dhuine.
It went out of my mind, d'imigh sé as mo cheann, as mo chuimhne.
To be mindful of sth., cuimhne a choinneáil ar rud.
F: Lost in the mists of time, caillte le cuimhne na seacht sinsear.