EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
enough. 1 a. & s. Dóthain f, sá f. Enough money, money enough, do (a, etc.) dhóthain airgid. I think it enough, ní beag liom é. I've had enough of it, táim dóthanach de, ní beag liom de. That's enough, is leor sin; ní beag sin! He has more than enough, tá a dhá dhóthain, a dhóthain mhór, aige. Have you enough (flour) for a week, bhfuil díol seachtaine (de phlúr) agat? Enough said! ní beag a bhfuil ráite; is leor sin. One word was enough to prove that . . ., níor ghá ach, ba leor, an t-aon fhocal amháin chun a dheimhniú go. . . S.a. SPARE2 2. 2 adv. a Good enough, maith go leor, cuíosach maith, réasúnta maith. It's a good enough reason, ní beag de chúis é. b You know well enough what I mean, tuigeann tú go dianmhaith cad chuige a bhfuilim. S.a. SURE 2 c (Disparaging) She sings well enough, níl sí ach maith go leor, cuíosach, réasúnta, chun amhrán a rá. It is well enough in its way, but..., tá sé ceart go leor ar chuma, ach . . .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The windows do not admit enough air, ní ligeann na fuinneoga go leor aeir isteach.
It is good enough, tá sé maith go leor.
(Of sportsman) He is not class enough, níl sé sách maith.
There is not enough clearance for the boats under the bridge, níl a ndóthain airde sa droichead do na báid.
Curiously enough..., aisteach go leor...
We have just enough to do on, níl againn ach tarraingt ár láimhe.
Early enough, luath go leor.
To ensure s.o. enough to live on, a dhóthain chun maireachtála a chur in áirithe do dhuine.
Funnily enough..., aisteach go leor...
He has enough to keep him going, tá tarraingt a láimhe aige.
I've got enough to go on with, tá an oiread agam agus a dhéanfaidh mo ghnó an turas seo.
There is not enough to go round, níl díol a roinnte ann; níl cion ranna ann.
This is good enough for me, tá seo maith mo dhóthain.
That's not good enough, (i) ní dhéanfaidh sin cúis in aon chor; (ii) F: tá sin ag dul thar fóir; tá sin gan aon dealramh.
Will you be good enough to come, ar mhiste leat teacht?
It is enough to make your hair stand on end, thógfadh sé an ghruaig de do cheann.
I've only got just enough to live on, níl agam ach ón láimh go dtí an béal; níl ach tarraingt mo láimhe ar éigean agam.
I know that well enough, is maith atá a fhios sin agam.
F: Like enough, very like; as like as not, de réir dealraimh; chomh dócha lena athrach.
He earns enough to live upon, saothraíonn sé díol a fhreastail, riar a cháis.
I had only long enough to ..., ní raibh d'uain agam ach . . .
To have enough for one's material needs, riar do cháis a bheith agat.
He has enough to meet his needs, tá riar a cháis aige.
The mere sight of her is enough for me, is leor liom aon amharc amháin uirthi.
That's more than enough for me, tá fuílleach ansin agamsa.
Now this was little enough but..., más ea níorbh aon ní an méid sin ach . . .
Oddly enough, nobody knows anything about it, an rud is aistí faoi, níl aon eolas ag aon duine faoi.
She is old enough to marry, tá aois a pósta aici.
It is enough to kill one, mharódh sé thú.
That's enough to worry people, chuirfeadh sin féin imní ar dhuine.
Plenty big enough, fuílleach mór.
Quite enough for you, do dhóthain go maith.
We had enough to meet our requirements, bhí díol ár bhfreastail againn.
He is coming right enough, tá sé ag teacht gan amhras ar bith.
There is not enough to go round, níl riar an iomláin ann.
He has enough and to spare, tá tuilleadh agus a shá aige; tá a dhóthain go rábach aige.
He is strong enough to overthrow you, tá sé in acmhainn thú a threascairt.
Sure enough, he was there, bhí sé ann ceart go leor.
He will come sure enough, cuirfidh mé geall go dtiocfaidh sé.
Sure enough! ceart go leor! mise i mbannaí! siúráilte! gan amhras!
Enough to sustain life, an oiread agus a choinneodh an dé i nduine.
It's enough to make a saint swear, bhainfeadh sé a gciall de na haingil.
She is old enough to marry, to go to school, tá aois a pósta aici, tá sí in aois scoile.
He was unkind enough to refuse, bhí sé de neamhcharthanacht ann gur dhiúltaigh sé.
I was not away long enough to get a welcome on my return, ní raibh mé fad na fáilte amuigh.
He is well enough off, tá riar a riachtanais aige.