Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: go in · goon · boon · gion · gnomon
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for go on » and goon »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
go on, v.i. 1 a (i) Time goes on, tá na blianta á gcaitheamh. (ii) Leanaim orm, liom; imím romham, téim ar m'aghaidh. (iii) He is going on for forty, tá sé ag druidim leis an daichead. It is going on for three o'clock, tá sé ag tarraingt ar a trí a chlog. b Leanaim le, do (rud), leanaim orm (ag déanamh ruda). If you go on like this . . ., má leanann tú ort ar an gcuma seo ... I've got enough to go on with, tá an oiread agam agus a dhéanfaidh mo ghnó an turas seo. c I shall now go on to another matter, tráchtfaidh mé anois ar scéal eile. He went on to give me all the details, thug sé mionchuntas ar an scéal go léir ansin dom. Iron: Go on!, huga leat! cuir uait! d Tá ar siúl. This has gone on for years, tá an rud seo ar siúl le blianta. Preparations are going on, tá ullmhú á dhéanamh. What is going on here? cad tá ar siúl anseo? How are you going on? conas atá ag éirí leat? To go on as before, leanúint mar bhí roimhe. We are going on as always, tá muid ag fadhbáil linn mar a bhí muid riamh. e F: Iompraím mé fhéin. I don't like the way she goes on, ní thaitníonn a hiompar, a geáitsí, liom. f To go on at s.o., bheith ag gabháil do dhuine, ag priocadh le duine, ag aithisiú duine. She went on dreadfully, thóg sí an-racán. g Th: To go on, dul ar an stáitse. 2 a I went on that supposition, d'oibríos i leith agus go raibh sin amhlaidh. b These shoes won't go on (my feet), tá na bróga seo róbheag dom.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To go on ahead, imeacht ar dtús.
(You) go on ahead (of us), ar aghaidh leat romhainn.
He went back on his promise, chuaigh sé ar a thóin ina ghealltanas.
To go on before, imeacht ar tosach.
He is bent on going away, tá rún daingean imeachta aige.
To go on the boards, dul ar an stáitse, ar an ardán,
To go on board, dul ar bord.
(Of judge) To go on circuit, dul ar cuaird na gcúirteanna.
To come, go, on deck, dul ar deic (loinge).
To go part of the distance on foot, dul tamall den tslí de chois.
To go on the dole, a bheith ag tarraingt cúnamh dífhostaíochta.
To go on the forage, dul ar thóir foráiste, ag soláthar lóin.
To be always on the go, bheith ag síorghluaiseacht; bheith de shíor sa siúl.
I have been on the go since morning, níor chuireas cos i dtruaill ó mhaidin.
To keep s.o. on the go, fuadar a choimeád faoi dhuine; an taos a choimeád leis an oigheann ag duine.
To go on a journey, dul ar aistear.
He went on foot, chuaigh sé (ann) de shiúl cos, de chois.
To go on horseback, dul (ann) ar marcaíocht, ar muin chapaill.
To go on the stage, dul le haisteoireacht.
The table goes on wheels, tá rothaí ar an mbord.
He let himself go on that subject, lig sé scód leis féin agus é ag caint faoin ábhar sin.
He went away on business, d'imigh sé ó bhaile ar chúrsaí gnóthaí.
He went back on his steps, lean sé a rian féin ar ais.
To go back on a subject, dul i gceann ábhair arís.
He went back on his promise, shéan sé a ghealltanas.
He went back on the agreement, chuaigh sé ar gcúl sa mhargadh.
F: To go back on a friend, cara a fhágáil san abar; cliseadh, loiceadh, ar chara.
He went down on his knees, chuaigh sé ar a dhá ghlúin.
He went into detail on the subject, phléigh sé an t-ábhar go mion.
To go out (on strike), dul ar stailc.
Going back on one's word, briseadh m, séanadh m, gealltanais.
There's no going back on it, ní féidir dul siar air.
Going back on a friend, cliseadh, loiceadh, ar chara.
F: He is gone on her, níl splanc aige ina diaidh.
To go on guard, mount guard, dul ar garda.
Don't go and let on that I was there, anois ná hinis go rabhas-sa ann.
To go on the loose, dul ar an drabhlás.
To go nap on a horse, do chuid den saol a chur ar chapall.
Go on! lean leat!
To go on parade, dul ar paráid.
To go on patrol, dul ar patról.
(Of lion, etc.) To go on the prowl, dul ar a sheilg.
To go for a pull on the water, dul amach ag iomramh.
To go on the racket, babhta ólacháin a dhéanamh.
P: To go on the razzle(-dazzle), dul ar an ragairne, ar bhabhta ólacháin.
To go right on, dul caol díreach ar aghaidh.
(Of doctor) To make his rounds, to go (on) his rounds, dul ar a chuid cuairteanna.
When I am away things go on just the same, nuair a bhím as baile téann gach sórt ar aghaidh mar a théadh ariamh.
He knows what is going on behind the scenes, tá a fhios aige cad atá ar siúl faoi choim.
F: To go on Shank's mare, é a chrágáil, dul ann de shiúl cos.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News