PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The barometer points to rain, tá an ghloine ag tuar fearthainne.
It is raining in real earnest, tá sé ag fearthainn as ucht, as cosa i dtaca.
The rain will help the crops, déanfaidh an fhearthainn maith don bharr.
To jab s.o.'s eye out with an umbrella, an tsúil a bhaint as duine le scáth fearthainne.
The rains, séasúr m na fearthainne, na báistí.
Rainy season, séasúr na fearthainne, na báistí.
The rain was running down the window, bhí an fhearthainn ina rith anuas leis an bhfuinneog.
Scarcity of rain, laghad na fearthainne.
Sign of rain, tuar fearthainne.
The rain soaked me to the skin, chuaigh an fhearthainn go craiceann ionam.
Soaking downpour, fearthainn a rachadh trí chlár darach.
Impers.It has stopped raining, stad an fhearthainn; tá turadh ann.
The sky threatens rain, tá an spéir ag tolgadh, ag tuar, fearthainne.
It is turning to rain, tá báisteach air, tá an fhearthainn chugainn.
Stumpy umbrella, scáth fearthainne giortach.
To pay s.o. the value of the lost umbrella, luach an scáth fearthainne (a cailleadh) a chúiteamh le duine.
Wet weather, aimsir fhliuch, bháistí, fhearthainne.
It is pouring with rain, tá sé ag doirteadh fearthainne, ag stealladh báistí.