EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
know-how, s. The know-how, an t-eolas, an cheird.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did not know how to act, ní raibh a fhios aige cad ba chóir dó a dhéanamh.
He knows how many beans make five, tá a fhios aige cé mhéad lá sa tseachtain; níl néal air.
He knows how to behave, tá fios a bhéasa aige.
You don't know how silly a girl can be, ní fheadar aon duine, ach chomh baoth le gearrchaile, trian baoise gearrchaile.
I know how to deal with him, tá a fhios agamsa conas roinnt leis.
He knows how to get out of a difficulty, fág faoi é teacht as gábh, as gaiste.
I know how to get round him, tuigim conas é a ionramháil.
They knew how to give and take, bhí ciall ranna acu.
I don't know how matters will go, ní fheadar conas a thitfidh.
He knows how to help himself, is maith is eol dó a leas.
He knows how to take a hint, is leor leid dó.
How would I know? cá bhfios dom?
I know how to swim, tá snámh agam.
It is surprising how little, how much, he knows about it, is iontach a laghad, a oiread, atá ar eolas aige ina thaobh.
You know how I love you, is eol duit méid mo ghrá duit.
How is it that you didn't know? cad fáth nach raibh a fhios agat?
He knows how to take a joke, tá acmhainn mhaith grinn aige.
He knows how to do it, tá lámh mhaith aige air; tá sé in ann a dhéanta.
He knows how to read, tig leis léamh; tá léamh aige.
He knows how to behave, to speak, tá fios a bhéasa, a labhartha, aige.
How do I know? cá bhfios domsa?
He knows how the coast lies, tá sé eolach ar an gcósta.
To know how to manage s.o., bheith in ann ceart a bhaint de dhuine.
I don't know how to put it, níl a fhios agam cén chaoi a ndéarfaidh mé é.
I don't know how to set about it, níl a fhios agam cén chaoi le dul ina cheann; ní fheadar conas cur chuige.
I don’t know how it will turn out, níl fhios agam cad é an deireadh a bheas air.