PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
That is not what I am accustomed to, (i) ní hé sin a chleacht mé riamh; (ii) níl an nós sin agam.
I never spoke to him after, níor labhair mé riamh leis ó shin.
I always heard that. . ., chuala mé riamh go ...
The greatest writer that ever was, an scríbhneoir ab fhearr dá raibh riamh ann.
I had never seen him before, ní fhaca mé riamh go dtí sin é.
I never could understand music, chinn sé orm, ní raibh sé i mo cheann finne, ceol a thuiscint riamh.
F: Not to have seen the colour of s.o.'s money, gan cianóg rua d'airgead duine a fheiceáil riamh.
F: That beats creation! sháraigh sé sin a bhfaca tú riamh!
He has been on the cross all his life, is ar chaimiléireacht, ar chneamhaireacht, a mhair sé riamh.
That would be the crowning mistake for him, chuirfeadh sin barr ar gach meancóg dá ndearna sé riamh.
They had always disagreed, níor réitíodar riamh le chéile.
As clear as ditch-water, chomh doiléir lena bhfaca tú riamh.
Never did I spend such a night, riamh sa saol níor chaitheas a leithéid d'oíche.
Dog does not eat dog, níor ith na madraí allta a chéile riamh.
(Of past time) At an early date, fadó riamh; go luath. Cp. 3.
F: As easy as A B C, as winking, chomh furasta lena bhfaca tú riamh.
F: Have you ever seen such an effusion? an bhfaca tú riamh a leithéid de rabharta?
Did you ever see her? an bhfacais riamh í?
It started to rain, faster than ever, tháinig an bháisteach níos tréine ná riamh.
He is as bad as ever, tá sé chomh dona is bhí sé riamh.
Ever since (then), riamh ó shin, uaidh sin amach.
The problem is ever so difficult, tá an fhadhb chomh deacair lena bhfaca tú riamh.
Ever so long ago, fadó fadó riamh.
Beyond, without, example, nach raibh a leithéid eile riamh ann.
What a fire-eater he is! nach é an tine bhruite é! ní raibh uaidh riamh ach iarraim cúis!
From the first, ón gcéad lá riamh; ó thús, ó thosach, ó thosach báire.
I have never been forgotten for that, níor maitheadh é sin riamh dom.
From of old, (riamh) le sinsireacht, le fios cathain, le fada an lá.
We are going on as always, tá muid ag fadhbáil linn mar a bhí muid riamh.
F: That's a good one! an-scéal é sin! thar a bhfacais riamh!
It is as good as new, tá sé chomh maith agus a bhí sé an chéad lá riamh; tá sé sa mhaith chéanna agus a bhí riamh.
He never did a hand's turn, níor rinne sé buille oibre riamh.
Just as if nothing had happened, go díreach mar nach mbeadh a dhath riamh de.
The only thing I ever had happen to me was ..., an t-aon rud a tharla riamh dom . . .
They were never heard of again, ní bhfuarthas lá tuairisce orthu riamh ní ba mhó.
I never heard of such a thing! ar chuala aon duine riamh a leithéid!
I never felt at home with him, ní raibh mé riamh ar mo shuaimhneas ina láthair.
I had no idea that..., níor shíl mé riamh go . . .; níor smaoinigh mo chroí go . . .
Never in my life, riamh i mo shaol.
If ever you should feel so inclined, má bhuaileann an fonn sin riamh thú.
Increase your vigilance, bí níos airí ná bhí tú riamh.
I don't like this work, if indeed, I ever did, níl spéis ar bith san obair seo agam, má bhí riamh féin.
New in kind, de chineál nach raibh riamh roimhe ann.
He knows no fear, níor chuir a dhath riamh eagla air.
Have you ever known me to tell a lie? an bhfuair tú riamh bréagach mé? He had never been known to laugh, ní fhacthas riamh ag gáire é.
That is the last I saw of him, ní fhaca mé riamh ó shin é.
P: That puts the lid on it! sin é is fearr fós! buann sin ar a bhfaca mé riamh!
Never in (all) my life, riamh i mo shaol; le mo bheo; le mo ré.
I never saw anything like it, ní fhaca mé riamh a leithéid.
I never heard the like (of it), níor chuala mé riamh a leithéid.