Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: éirigh ar · áirigh · áiria · airigh · áitrigh
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
ceann den dá rud chrua cosúil le cnámh a fhásann ar cheann ainmhithe áirithe (ar nós eallach, fianna etc.); cuach óil; gob (diallaite, ancaire, etc.); gléas ceoil gaoithe (a bhíodh déanta as adharc uair amháin, ach gur gléas miotail atá inniu ann); gléas rabhaidh (i bhfeithicil)
neamhacmhainn ar bhianna áirithe nó ar shubstaintí mar phailin san aer
cinnteacht, siúráil (áirithe a bheith agat ar rud); suim nó méid chinnte, cion, roinnt (an áirithe chéanna airgid)
ar leith (lá áirithe); curtha san áireamh (sin é atá áirithe dó)
ball ar bith den chruinne a bhfuil spás ann do dhuine nó do rud; achar atá curtha ar leith do ghnó áirithe (áit cathaoireach); comharsanacht (duine ón áit); sealúchas (teach agus áit); suíomh áirithe (m'áit sa rang; tá sé as áit)
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
in áit nó i suíomh áirithe (ar neamh, ar scoil, ar do ghlúine, ar tosach nó ar deireadh); i staid áirithe (ar meisce, ar crith, ar sodar, ar do shuaimhneas, ar thoil Dé); faoi théarmaí áirithe (ar iasacht, ar cíos, ar phunt an ceann, ar mhaithe leat féin); i gcosúlacht (ar dhéanamh báid, ar dhath an óir); de réir (duine ar dhuine, céim ar chéim); agus ar mhórán slite eile (doras ar sheomra, faobhar ar scian, ceanúil ar pháistí, tá an t-ádh orainn, bhí fiacha troma air, ná bíodh eagla ort, etc.); ag tagairt d'aicsean i leith (seasamh, siúl, satailt, ar; ardú, doirteadh, aimsiú, ar; roinnt ar; ceilt, cosaint, ar; mhill siad an lá orainn; ná cuir as an solas orm); feidhmiú na gcéadfaí nó na hintinne (féachaint ar; smaoineamh ar; labhairt ar, glaoch ar; achainí ar)
tamall de rud ar bith (babhta oibre); seal áirithe coimhlinte (an dara babhta den troid); uair (an babhta seo); buille tubaisteach, bris (is mór an babhta air é)
sú cumhra olúil as crainn áirithe a thugann faoiseamh ar phian
ainm, clú, teist an phobail ar dhuine (tá cáil an léinn air); mianach, stuif, cáilíocht (ball maith é ina cháil féin); suim, méid áirithe, cuid (cáil amhrais)
feithicil ar rothaí, go háirithe gluaisteán
éan baineann de chineál ar bith, go háirithe d'éanlaith chlóis
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
fána; sceabha (ar claon); luí nádúrtha le beart de chineál áirithe (lean sé dá chlaon); bá (tá claon ag an leanbh leat); antoil (claon chun oilc)
ardfheidhmeannach a choinníonn cuntas ar shonraí áirithe; duine a chláraíonn ainmneacha
meán na haimsire in áit nó i dtír, i.e. meán na teochta, na fearthainne, na gréine, ar feadh tréimhse áirithe
acht a mbraitheann gníomh áirithe air (tugadh dó é ar choinníoll nach ndíolfadh sé arís é); gealltanas (dá dtugadh sé a choinníoll dom); dílseacht d'fhocal, dúthracht (fear gan choinníoll)
ag brath ar choinníollacha áirithe a bheith comhlíonta
stuif crua ar dhathanna éagsúla a fhaightear ar ghrinneall farraigí áirithe, agus arb é creatlacha mhiondúile na farraige sin é
bac, go háirithe bac gaoil chun pósta; gaol (col ceathar, col seisir); drochbheart, gníomh uafásach; briseadh móide nó focail; gráin, drogall (tá col agam leis; bhí col orm é a dhéanamh)
an chuid den chorp síos ón gcoim ar an dá thaobh lena n-áirítear barr chnámh na leise, cromán
bualadh mall cloig, go háirithe ar ócáid bháis nó sochraide; focal fonóide
(crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige)
comhaireamh, áireamh (cuntas a dhéanamh ar rudaí); an méid ceart (tá an cuntas ansin agat); cúrsaí airgid (cuntas bainc); reicneáil (lá an chuntais; duine a thabhairt chun cuntais); tuairisc, cur síos (tá cuntas sa leabhar seo air; cuntas duine a chur)
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
cur ar íochtar (cuir béal an chiseáin faoi); cur ar an talamh (chuir sé a chosa faoi); fágáil ar staid áirithe (ná cuir scaoll fúthu, cuireadh faoi smacht iad); socrú síos, cónaí (cur fút in áit)
ropadh, sá (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir sé ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir sé neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh nó i gcoinne ruda)
toradh borb milis a fhásann ar phailm áirithe
easpa soiléire, dofheictheacht; saighdiúirí (nó long nó eitleán) a chur ó aithne ar an namhaid; cleas lena gcuireann ainmhithe áirithe iad féin ó aithint ag a naimhde
galar tógálach a thagann ar na scamhóga go háirithe
duine a dhéanann gnó (díol nó ceannach) thar ceann duine eile; ceann de dhá uimhir nó breis a mbíonn toradh áirithe orthu nuair a mhéadaítear faoina chéile iad (Is fachtóirí de 8 na huimhreacha 2 agus 4)
blaosc nó mogall a bhíonn ar shíolta áirithe
bleid, caint a chuirtear ar dhuine, go háirithe ar strainséir
gabháil déanta air; i ngreim nó in achrann (gafa sa dris); faoi choinneáil (gafa i bpríosún); sáite i (gafa in obair); in áirithe nó faoi sheilbh (tá an líne, an suíochán gafa); gléasta, cóirithe (gafa go foirmiúil); inroinnte ar (tá B gafa in A)
aithris ar nósanna nó ar dhearcadh na nGall, go háirithe ar na Sasanaigh
áireamh ar shinsir duine
obair ornáideach go háirithe le snáthaid; patrún maiseach ar éadach, bróidnéireacht
tamall úsáide a fhaigheann duine ar rud (go háirithe airgead ar ús); an rud féin (an iasacht a thabhairt ar ais); coigríoch (tír iasachta); strainséartha (duine, teanga, iasachta)
plé, caibidil, go háirithe ar leibhéal idirnáisiúnta nó idir mhóreagraíochtaí mar cheardchumainn agus bainisteoireacht etc.
dúchas sa duine nó san ainmhí rudaí áirithe a déanamh astu féin gan mhúineadh gan foghlaim (ar nós mar atá éin óga in ann eitilt)
ceiliúradh áthasach ar ócáid mhór a tharla fad áirithe blianta ó shin
(láimh in abairtí áirithe) an ghéag ón ngualainn anuas; crobh, an chuid den ghéag ón rosta anuas; páirt (lámh chúnta, lámh a bheith agat i rud); riar, stiúradh (cúram a ghlacadh ar láimh); scil (tá an-lámh aige); obair (rinne sé an-lámh air); comhiarracht (ag obair as láimh a chéile); coinneáil, cosaint (tugadh ar láimh é); cúram (faoi láimh dochtúra); gealltanas (seo mo lámh duit); diúltú (droim láimhe a thabhairt le duine); foréigean, neart (lámh láidir, an lámh uachtair); síniú (cuir do lámh leis sin); peannaireacht, scríobh (is deas an lámh atá aige); biorán (lámha cloig); an chuid de rud a mbeirtear greim air (lámh buicéid, maide rámha); tomhas (le capall) ceithre horlaí, (le hiasc, plandaí etc.) trí cinn
bail an ruda atá leathan, leithne; chomh leathan agus atá rud (dhá throigh ar leithead); achar nó spás áirithe (leithead tíre); brat, clúdach, éadaigh; mórchúis, mustar (fear leithid)
planda agus rúta milis air a úsáidtear i gcógais agus i milseáin áirithe
meáchan a luascann go réidh anonn is anall ar cheann slaite (mar a bhíonn i gcloig áirithe)
duine a bhíonn ag déanamh staidéir ar ábhar léinn, go háirithe ar scoil nó ar coláiste
dochtúir a dhéanann obráid ar an gcorp le déileáil le galair nó créachtaí áirithe
cáin ar earraí áirithe a dhéantar sa tír
planda beag gairdín a chuireann blas ar leith ar bhianna áirithe
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News