DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
leithscéal ag duine a bhfuil coir ina leith go raibh sé in áit éigin eile ag an am
áit a ndíoltar rudaí chun airgead a thógáil do chúis éigin
ábhar cuimhne; seoid chuimhne ar ócáid nó ar áit nó ar dhuine éigin
(le duine nó rud) nach bhfuil ainmnithe; (le huair, áit) nach bhfuil cinnte; tuairim ar (fiche éigin bliain)
imeacht ó áit nó ó rud; ligean do rud fanacht, nó é a chur, mar a bhfuil sé (doras a fhágáil dúnta; fuílleach a fhágáil); titim siar, teip (fágadh sa rás é); cur nó gan a chur san áireamh (fágann sin gur fíor é); laige, locht (tá fágáil éigin ann); geasa (d'fhág sé na fágálacha sin orainn)
cur fút (in áit); gan corraí (as áit); gan bogadh (go dtarlaíonn rud éigin nó go n-ordaítear a mhalairt); cónaí (tá sé ag fanacht ar an mbaile seo); gan athrú nó aistriú (fan socair; fan fút); foighneamh (fan nóiméad, fan leis is tiocfaidh sé); coinneáil ó (fanacht ón scoil, fanacht amach uaidh)
duine éigin anaithnid; duine as áit nó as tír iasachta, nó a mhothaíonn é féin amhlaidh
go dtí áit nó céim níos airde (dul suas ar stáitse; suas an staighre, an sliabh); ar leibhéal níos airde (dhá urlár suas); ardaithe, éirithe (tá na costais suas); in airde (seas, éirigh, suigh suas; tá an ghealach suas); ar bun, cearr (tá rud éigin suas); beo (an t-aos óg atá suas anois); go hiomlán (glan suas an teach)