DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ceann de litreacha móra na haibítre (A, B, C i gcomórtas leis na cinn bheaga a, b, c)
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
cairdiúil, cneasta, cineálta (comharsa mhaith é); dea-iomprach (páistí maithe); den chineál ceart (talamh maith); sásúil, folláin (bia maith); fónta (peann maith); cumasach (oibrí maith); ceart, cóir (cúis mhaith); oiriúnach (lóistín maith); muiníneach (cuimhne mhaith); fabhrach, taitneamhach (scéala maith); mór, fiúntach (suim mhaith airgid); láidir, tréan (greasáil mhaith); (mar fhocal treisithe)(baile maith mór, anonn go maith sa bhliain)
(sa cheol) sraith d'ocht nóta (ó C meánach go dtí an C taobh thuas de, mar shampla)
an fad a mhaireann duine nó rud (fad saoil chugat; ar feadh mo shaoil); staid bheatha (an saol seo; an saol atá inniu ann; bhí saol crua acu); cineál beatha (saol na cathrach; saol an mhadra bháin); aoibhneas beatha (is acu atá an saol; is leo an saol); cúrsaí an duine ó lá go lá (aghaidh a thabhairt ar an saol; d'éirigh an saol leo); an chruinne go léir (ó rinneadh an saol); an domhan (sin a bhfuil sa saol agam; ar ór an tsaoil); an uile dhuine (an saol mór; bhí an saol is a mháthair ann)
éirí séimh nó a dhéanamh séimh; h a scríobh i ndiaidh consain sa Ghaeilge agus iad araon a fhuaimniú le chéile mar aon chonsan amháin (Is iad na consain atá i gceist, b, c, d, f, g, m, p, s, t)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)