DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
a bhfuil aer breá ann; éadrom sa chroí agus san aigne; giodamach
fráma easnach (cliabh curaí); corp, ucht, croí (a chroí ina chliabh; cara cléibh); bascaed úma; ráil chairte
toradh nó síol crainn a bhfuil bia ina chroí agus blaosc chrua air; bloc beag miotail agus poll ann chun é a scriúáil ar bholta
brú nó meilt leis na fiacla; snoí (ag cogaint an chroí aige); slogadh (caint a chogaint)
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
cion nó searc mhór (idir fear agus bean, nó idir dhaoine); léiriú ceana (níor ghráigh mé riamh é); an té a ghráitear (a ghrá mo chroí); déirc, gar (le grá dia orm a rinne sé é)
leacht a dhéanamh de rud, rud a imeacht ina leacht, le teas (im a leá, sneachta ag leá); maolú, bogadh (leáfadh sé do chroí); imeacht as, scaipeadh (leáigh mo mhisneach, mo chuid airgid)
mírún, mioscais, droch-chroí; (le cneá, créacht) díth nó dochar (a bheadh ina thrúig bháis)
ag tosú ag (ó thús go deireadh; ón taobh eile anall); a thagann as (duine ó Thrá Lí); de (d'fhógair sé ón altóir é); idir (míle ó chéile, i bhfad ón áit); ag teacht as (teas ón tine; cabhair ó Dhia); foinse (ó chroí nó ó bhéal; ná creid uaidh é); fáth, cúis (sáraithe ón lá, buí ó theas na gréine); díth (airím uaim é); gá (cad tá uait); leanúnachas (ó lá go lá, ó cheann ceann na tíre); ón uair a (ó bhí tú anseo cheana); mar gheall ar (ó tharla gur mar sin atá; ós agat atá an ceart) ó + an = ón; ó + a4 = óna; ó + is = ós; ó + ar3 = ónar; ó + ár2 = ónár
toradh cruinn súmhar a bhfuil craiceann cosúil le veilbhit air agus cloch ina chroí
mistéir; scéal nach bhfuil a fhios ach ag duine amháin nó ag fíorbheagán daoine; beartú, intinn (tá rún agam dul ann); tairiscint fhoirmiúil os comhair cruinnithe (rún a mholadh, a rith); grá geal, leannán (a rún mo chroí)
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
ceangal a dhéantar ar chorda nó rópa trína dhá gceann a lúbadh ar a chéile agus a tharraingt ansin chun iad a fháscadh; aon chineál ceangail (snaidhm an phósta; bhí snaidhm ar mo chroí); fadhb; buille
pianmhar, gan a bheith ar fónamh (cos thinn, súile tinne); cráite (tá mo chroí tinn dóite); breoite (tá sé tinn sa leaba)
bac (in oibreacha an choirp); bac mothúcháin, breith suas (bhí tocht ar a chroí, ina ghlór)
ardú suas (clocha a thógáil); piocadh suas (ag tógáil muiríní); díriú suas (crann báid a thógáil); cur suas (ag tógáil tí); tabhairt suas (ba, éanlaith, a thógáil; tógadh le Gaeilge í); ardú, múscailt (tóg do chroí; raic a thógáil; cé a thóg an cheist?); dreapadh (céimeanna staighre a thógáil); bailiú (cíos a thógáil); piocadh suas (paisinéirí a thógáil; is uaidh a thóg mé an slaghdán, an t-amhrán); glacadh (an méid a thógfadh an bus; thóg sé mar achasán é; lá saoire a thógáil; coiscéim a thógáil); bordáil (traein a thógáil); breith chun siúil (cé a thóg mo leabhar?); sealbhú (tóg do shuíochán); toghadh (Seán an t-ainm a thóg sé); gabháil (an bealach a thóg sé); glacadh mar shampla (tóg Brian anseo); glacadh le (ní thógfainn £10 air); baint as (thóg sé bliain orm); (le dlí) gabháil (thóg Gardaí é); baint, gnóthú (is í Máire a thóg an duais); agairt (ná tóg orm é)