DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ainmhí somhúinte farraige óna 8 go 10 dtroithe ar fad agus é cosúil le muc mhara
gairmneach, scairteach (glaoigh ar Sheán; ghlaoigh sé deoch); glao (glaoch ola, glaoch na mara)
achar mór uisce agus talamh timpeall air; géag den mhuir, gaoth; at beag faireogach sa bhléin nó faoin ascaill
bruinneall mhara sna scéalta a raibh eireaball éisc uirthi
péist mhara agus ocht ngéag uirthi
éan mara Antartach nach bhfuil in ann eitilt agus a shiúlann lena cheann san aer ar chosa beaga gearra
éan mara agus gob ramhar gearr dea-dhathach air
cumas nó acmhainn feiceála (níl an radharc go maith aige); raon amhairc (fad mo radhairc uaim); féachaint, amharc (ní fhaca mé aon radharc air); an rud a fheictear, feic (radharc mara, tíre; is gránna an radharc é); díol súl, neart (bhí radharc daoine ann); súil(e) (an taobh geal dá radharc); cuid amháin de ghníomh i ndráma
gas, stumpa; dalcaire mná; áit fheamainneach ar ghrinneall na mara; talamh salach
trasna (thar muir; léim sé thar claí; dul thar (an) abhainn); os cionn, de dhroim (bhí uisce thar glúine air; chuaigh an roth thar a chos; bhí sé ag cur thar maoil); níos faide ná (ghabh sé thar am; ná tar thar an doras; tá mé thar m'eolas); níos mó ná (níl sé thar leathmhíle, thar na ceithre fichid); seachas (ní aithním thar a chéile iad; an lá seo thar laethanta na bliana)