DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
céannacht duine nó ruda a bheith agat toisc gur bhuail tú leis cheana; aitheantas a thabhairt do (ní aithníonn sé a ghaolta feasta); idirdhealú (aithint idir an mhaith agus an t-olc); brath, mothú (d'aithin sé go raibh fearg orm)
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
fabhar, oibleagáid (comaoin a chur ar dhuine, bheith faoi chomaoin aige); cúiteamh i bhfabhar (i gcomaoin a ndearna sé dom); maisiú, feabhas (comaoin ar scéimh seod); tabhartas, ofráil (comaoin Aifrinn)
álainn; ábalta go maith (bheith deas ar rud a dhéanamh); maith (ba dheas liom labhairt leat); (go searbhasach) (tá sé go deas agat!)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
gan solas; gan a bheith geal; dubh (dorcha sa chraiceann, craiceann dorcha) caoch, dall; (le duine) coimhthíoch, nach maith leis cuideachta
cluas a thabhairt do rud (éisteacht le fuaim na gaoithe); cumas cloisteála (tá éisteacht mhaith aige); bheith i do thost, do bhéal a dhúnadh (éist do bhéal)
ag imeacht ar fán; gan feidhm, gan mhaith (is fánach an obair agat í); neafaiseach, gan smaoineamh (sampla fánach); ócáideach, corr (ceathanna fánacha); suarach, gan tathag (is fánach an chúis a bhí leis); gan a bheith flúirseach (barra fánacha)
airgead a íocann rialtas chun cabhrú le tionscal nó le seirbhís toisc an chabhair sin a bheith ar mhaithe leis an bpobal mór (ar nós airgead a íoctar chun praghas bia a choinneáil íseal)
mír leis an mbriathar bheith, a ghuíonn nach dtarlódh rud (ná raibh maith agat)
dona, droch-; gan a bheith maith (nach olc an aimsir í; duit féin is measa é; go holc leis an slaghdán); droch-chroíoch; ar éigean (is olc a chreidim é); ionúin (sa bhreischéim amháin a úsáidtear é)(is measa leis a athair ná a mháthair)