Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: faddist · ais · dais · fad · faid
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
fad fir1 achar ama nó spáis nó slí; síneadh (fad a bhaint as scéal); raon (fad m'urchair; fad mo radhairc uaim) ar fad go léir, go hiomlán; ó cheann go ceann (teach deich slata ar fad); amach is amach (scéal eile ar fad) fad is chomh fada is fad le go dtí i bhfad achar nó tamall fada (i bhfad ó bhaile, ó chéile); faide (an lá ag dul i bhfad, i bhfad na haimsire) cá fhad? cén fad? cé chomh fada?
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
ar fad ar fad (dán breá amach is amach)
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
an-bhreá ar fad (áit, aimsir, duine, aoibhinn); sona (is aoibhinn duit)
an fad a bhíonn duine ar an saol; cuntas ar shaol duine; rudaí a choinníonn beo duine, cothú, bia; focal fáilte (is é do bheatha)
an chuid is crua de chorp ainmhí (Is í an chreatlach na cnámha ar fad le chéile)
an snáth a bhíonn sínte ar a fhad sa seol fíodóra (i gcomórtas leis an snáth a bhíonn trasna, is é sin an t-inneach)
samhail den rud is fearr ar fad nó is giorra do bheith foirfe
tomhas faid ionann is an dóú cuid déag de throigh, nó tuairim is 2.5 ceintiméadar; blúire, pioc (gach orlach chomh dona leo)
cumas nó acmhainn feiceála (níl an radharc go maith aige); raon amhairc (fad mo radhairc uaim); féachaint, amharc (ní fhaca mé aon radharc air); an rud a fheictear, feic (radharc mara, tíre; is gránna an radharc é); díol súl, neart (bhí radharc daoine ann); súil(e) (an taobh geal dá radharc); cuid amháin de ghníomh i ndráma
an fad a mhaireann duine nó rud (fad saoil chugat; ar feadh mo shaoil); staid bheatha (an saol seo; an saol atá inniu ann; bhí saol crua acu); cineál beatha (saol na cathrach; saol an mhadra bháin); aoibhneas beatha (is acu atá an saol; is leo an saol); cúrsaí an duine ó lá go lá (aghaidh a thabhairt ar an saol; d'éirigh an saol leo); an chruinne go léir (ó rinneadh an saol); an domhan (sin a bhfuil sa saol agam; ar ór an tsaoil); an uile dhuine (an saol mór; bhí an saol is a mháthair ann)
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News