DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
cáite, ag imeacht le gaoth
cantain; comóradh le searmanas (Aifreann, pósadh, an Nollaig, a cheiliúradh); dul ar ceal, teip (tá an tsláinte ag ceiliúradh orm); tréigean (dath ag ceiliúradh); slán a rá (imeacht gan chead gan cheiliúradh)
cromadh, lúbadh; dul nó cur ar claon; luí le (claonadh leis an obair); imeacht ó (claonadh ón bhfírinne); casadh (chlaon sé mo chuid cainte)
fiach, tóraíocht, sárú; (le héisc) imeacht ina scata, ráthaíocht
as ord; (le bád) imithe dá cúrsa; (le praghsanna) thar fóir, as miosúr
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
díbirt as nó cosc ó (cuireadh den pháirc iad; chuir sin den ól é); fáil réidh le (chuir sí an slaghdán di); stad de (cuir díot an gol); imeacht (cuir díot!)
teacht saor as guais éigin; imeacht gan fhios, teitheadh, sleamhnú leat
ag imeacht ar fán; gan feidhm, gan mhaith (is fánach an obair agat í); neafaiseach, gan smaoineamh (sampla fánach); ócáideach, corr (ceathanna fánacha); suarach, gan tathag (is fánach an chúis a bhí leis); gan a bheith flúirseach (barra fánacha)
rith le brothall; imeacht le haer an tsaoil; corraíl; sciuird, taom feirge
imithe le críonlobhadh, críonlofa; lomlán, plódaithe (foirgthe le spiairí)
ar mhaithe le (de gheall ar do shláinte); ar intinn rud a dhéanamh (má tá tú de gheall ar imeacht)
a dhéanamh glan nó éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an lá); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sé sinn); gabháil thar (ghlan sé an coirnéal, an claí)
imeacht, siúl, bogadh ó áit go háit (gluais ort; gluaiseacht tráchta); imeachtaí eagraithe le cuspóir a bhaint amach (gluaiseacht na saoirse)
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
leacht a dhéanamh de rud, rud a imeacht ina leacht, le teas (im a leá, sneachta ag leá); maolú, bogadh (leáfadh sé do chroí); imeacht as, scaipeadh (leáigh mo mhisneach, mo chuid airgid)
feithid cosúil le dreoilín teaspaigh mór (Imíonn siad ina scaotha, ag ithe agus ag milleadh luibheanna agus barr)
imithe ó mhaith, morgtha (feoil, iasc, lofa); dreoite (adhmad lofa); (le duine) gránna, truaillithe; loite (peata lofa)
cur sna cosa ar luas; (le huisce) imeacht go faíoch; síneadh (rinn ag rith amach san fharraige); scaoileadh (rith an tsnaidhm); ídiú, caitheamh (tá a théarma rite); cur ag rás (capall a rith); cur ar siúl, reáchtáil (gnó, rince, a rith); achtaí, reachtú (rún a rith); déanamh (poitín a rith); críochnú (tá sé rite ina dhochtúir); imeacht gann ar fad i (rite as bia, as airgead); gabháil le, baint le (tá an tréith sin ag rith leis); éirí le (má ritheann liom); ráchairt, éileamh (rith ar earraí); taom (rith tinnis, rití fuachta); scaoilteacht, buinneach (chuir an bia úd rith air); scoth (an chéad rith den phlúr)
cur ó chéile, imeacht ó chéile, deighilt, dealú (lánúin a scaradh; do chosa a scaradh); leathadh (féar, móin, a scaradh); éirí as nó teacht as (scaradh leis an ól; is maith a scar tú leis)
imeacht gan rian gan aird, le haer an tsaoil; luadráil, cúlchaint
(le tinneas) a thagann is a imíonn; (le duine) taghdach; duairc, dubhach; spadhrúil
toilteanach (go hullamh agus go héasca); réidh (ullamh chun imeacht); fonnmhar; críochnaithe (an bhfuil tú ullamh leis fós?)