DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an méid atá, a bhí etc. (sin a bhfuil ann; d'imigh a raibh i láthair)
at, bolgadh; an iomarca airgid ag imeacht i gcomórtas lena bhfuil d'earraí á dtáirgeadh agus dá bhrí sin ardú rómhór a theacht ar thuarastail agus ar phraghsanna
rud a imeacht uait nó a bheith ar iarraidh (radharc, airgead, a chailleadh); gan a fháil (chaill mé an tAifreann); titim ar gcúl (cailleann an clog sin nóiméad sa lá); teip i gcluiche nó i gcomórtas; bás a fháil (ó cailleadh m'athair)
i léig, imithe, cealaithe; as láthair
i ndiaidh (tar éis a naoi, tar éis imeacht dó); cé, bíodh, go (tar éis gur crosadh air é)
imeacht ó áit nó ó rud; ligean do rud fanacht, nó é a chur, mar a bhfuil sé (doras a fhágáil dúnta; fuílleach a fhágáil); titim siar, teip (fágadh sa rás é); cur nó gan a chur san áireamh (fágann sin gur fíor é); laige, locht (tá fágáil éigin ann); geasa (d'fhág sé na fágálacha sin orainn)
bheith in ann, bheith ábalta (ní fhéadfainn é a dhéanamh); cead a bheith agat (féadann tú imeacht); é a bheith de cheart agat (féadann tú áthas a bheith ort)
imeacht ar strae, ar seachrán; corraíl, suaitheadh; fanacht gan síothlú i leacht
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
gan a bheith beo, imithe den saol; gan bheocht gan bhrí (tá an intinn marbh ann); ina stad (uisce marbh); gan úsáid (airgead marbh); gan ghéire (pian mharbh); lag, balbh (fuaim mharbh)
ponc (a haon pointe a dó); céim; spota, nóiméad (pointe fiuchta; d'imigh sé ar an bpointe); bior, rinn (pointe bioráin, pointe tíre); mír, sonra (argóint pointe ar phointe); aird de chuid an chompáis; scór i gcúrsaí spóirt (báire is dhá phointe)
i ndrochshláinte; imithe, caite (tá mo chuid airgid rite)
caitheamh soir siar nó i ngach treo baill; leathadh (scéala a scaipeadh); cur amú (scaip sé a chuid airgid); imeacht ó chéile (scaip an cruinniú); leá (scaip an ceo)
imithe; (i bhfad) ó bhaile
imeacht, taisteal; turas, aistear (i dtrácht an bhealaigh dom); gnáthú (áit a bhfuil trácht mór air); gluaiseacht daoine, feithiclí, loingis etc., ar bhealaí taistil poiblí; na daoine, feithiclí etc. a thaistealaíonn amhlaidh; trádáil earraí etc. (bád tráchta)
fios bealaigh nó slí, díriú (faoi threoir an mhúinteora; ag imeacht gan treoir); gléas tomhais (treoir luais); gluaiseacht (níl treoir ná tapa ann)