EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
dóigh2 bain2 súil, dóchas; muinín, iontaoibh; marc maith le rud a fháil nó a dhéanamh (dóigh agus andóigh a chuardach) ► is dóigh is dócha ► is dóigh le measann, ceapann ► (d)ar ndóigh le fírinne ► de mo dhóigh i mo thuairim
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
díol, tuillteanas (is maith an airí air é); duine ar fiú nó ar cóir rud a dhéanamh dó
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
déanamh, dealramh (i gcruth duine; cur cruth ort féin); bail, staid (bhí sé i gcruth titim); modh, dóigh (i gcruth is go)
(roimh le) is dóigh le (dar liom nach é an ceart é)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
tar éis a dhó, loiscthe; seargtha, críon (seanduine dóite); dian, géar (is dóite an scéal é); tuirseach, bailithe (bheith dóite de rud)
nádúrtha, dúchasach (ba dhual athar dó a bheith deas); oiriúnach (an áit is dual duit); i ndán nó beartaithe (do dhuine) (is dual dúinn uile an bás)
nach beag, a dhéanann cúis (is leor sin; ní leor dó é)
cosúil le (mar an eala ar an linn); i gcáilíocht (lena fáil mar chéile); le haghaidh (mar thús ar an obair); de réir (gach dalta mar a oiltear); ar nós (lá mar seo); ar an dóigh (déan mar is ceart é); tuairim ar (míle nó mar sin); an chaoi (sin mar is fearr é); amhail is (mar a bheadh deifir air); toisc, ar an ábhar (mar go bhfuil cúis leis); san áit (mar a bhfuil siad)
(leis an gcopail) breá, aoibhinn (is méanar dó a shaol; ba mhéanar liom a bheith ann)
níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig)
ponc (a haon pointe a dó); céim; spota, nóiméad (pointe fiuchta; d'imigh sé ar an bpointe); bior, rinn (pointe bioráin, pointe tíre); mír, sonra (argóint pointe ar phointe); aird de chuid an chompáis; scór i gcúrsaí spóirt (báire is dhá phointe)
bealach, bóthar (ag siúl na slí; ar mo shlí abhaile) treo (tar an tslí seo); turas (is fada an tslí é); spás (níl slí san áit dóibh); modh, dóigh (slí bheatha; ar shlí, ar aon slí); eagar ceart (slí a chur ar shábh)
ó bhonn, amach is amach (amadán ó thalamh; thug sé dó ó thalamh é); dul chun cinn (gan mórán talaimh a dhéanamh)
cúis, siocair (is é ba thrúig bháis dó)
an rud a bheireann éan nó feithid agus blaosc thanaí air (Is ann a mhaireann an rud óg go dtí go dtugann an mháthair gor dó)