DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an pháirt is ísle de rud (ó bhun go barr); stumpa (bun coinnle); deireadh (bun cúrsa); foinse (bun scéil); aird (bun na gaoithe); lorg (bun ruda a chur); caipiteal nó suim le a bheith ag cur leis (bun agus biseach airgid)
(crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige)
mar iol sonraí a bhaineann le duine (tá mo dhála féin ort); maidir le (dála an scéil)
insint, cur síos, tabhairt amach scéil
raon, scóip, cúrsa (éirim scéil, éirim a chuid cainte); claonadh (leanadh sé dá éirim); tuiscint, clisteacht, meabhair (éirim an cheoil, éirim aigne)
fios scéil, tuairisc, eolas; insint; lorg eolais
greadfach a dhéanann an fuacht ar an gcraiceann; ciapadh, crá (sin é oighear an scéil)
creatlach dráma nó scéil; comhcheilg, uisce faoi thalamh
substaint bhog i gcnámh; misneach, sprid (níl smior na smúsach ann); croí, lár (dul go smior an scéil; Gael go smior é)
tointe singil snátha; aon ní cosúil le snáithe (snáithe scéil, snáithe mo shaoil); na hiomairí nó na claiseanna ar scriú; gráinne in adhmad; fíochán i móin
iomlán rudaí le chéile, méid (suim airgid; ag dul chun suime); cuntas, luach (rud gan suim; díoladh faoi shuim iad); áireamh (suimeanna a dhéanamh); tamall, uimhir (le suim de bhlianta); éirim, achoimre (suim an scéil); spéis (má tá suim agat inti; más suim leat do bheo)
láthair; socrú, bunú (suíomh scéil); cruthú (suíomh cúise)
an chéad chuid, tús (tosach scéil, tosach an tsaoil); an chuid chun cinn (i dtosach an bháid, an bhus); brollach, ucht (tosach duine, ainmhí); ceann (dul ar tosach, chun tosaigh); tús áite (bhí tosach aige orthu); bonn (bróige etc.)
saothar liteartha i bhfoirm scéil a bheadh bunaithe ar fhicsean seachas ar fhíricí