TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
perfect1, a. 1 a Foirfe, (saothar) críochnúil. Perfect specimen, fíorshampla; macasamhail chríochnaithe. To have a perfect knowledge of sth., eolas iomlán a bheith agat ar rud. F: It's perfect, tá sé ar fheabhas. b F: Perfect idiot, amadán m críochnaithe. She is a perfect fright, feic ceart í. He is a perfect stranger to me, níor leag mé súil riamh air. 2 a Perfect square, slánchearnóg f. b Mus: Perfect fourth, ceathrach slán. 3 Nat.Hist: (Of plant, insect) Iomlán, comhlán. 4 Gram: The perfect tense, s.the perfect, an aimsir fhoirfe, an foirfe. Future perfect, fáistineach foirfe. ► perfectly, adv. Go foirfe, go críochnúil; ar fheabhas.
perfect2, v.tr. 1 Cuirim i gcrích, tugaim chun críche (obair, tasc). 2 Foirbhim, tugaim chun foirfeachta. 3 Typ: Cúlchlóim.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: He is a perfect ass, dobhrán déanta atá ann.
Authentic, perfect, cadence, lándúnadh m.
He's a perfect fiend, diabhal cruthanta é.
Your coat is a perfect fit, tá do thomhas go beacht sa chóta, tá do dhíol go díreach i do chóta.
Colours in perfect harmony, dathanna atá ag cur le chéile ar fheabhas.
It is a matter of perfect indifference to me, is cuma liom ar thalamh an domhain; is róchuma liom.
I am letter-perfect in my part, tá mo pháirt de ghlanmheabhair agam focal ar fhocal.
He makes a perfect martyr of himself, níl aon mhairtíreach ach é, más fíor dó féin.
Perfect match of colours, dathanna atá ag cur, ag teacht, le chéile go fíormhaith.
Nobody is perfect, níl duine ar bith saor ó locht; ní bhíonn saoi gan locht.
F: He is a perfect nuisance, níl ann ach bundún; is mór an clipeadh, an crá, é.
He is a perfect pest, is mór an crá croí é.
She is a perfect picture, is í an tseoid í; tá sí mar a tharraingeofá le peann í.
Practice makes perfect, cleachtadh a dhéanann máistreacht.
It was a perfect scream, bhainfeadh sé gáire as an gcat.
Costume in perfect taste, culaith rí-oiriúnach.
Everything was in perfect trim, bhí gach rud feistithe fáiscthe.
Engine in perfect tune, inneall i gcompás cruinn.
He is a perfect wreck, tá sé ina chreatán cruthanta.