TORTHAÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
siúl, m. (gs. as s. -úil, as vn. ~ta; pl. ~ta). 1. vn. of siúil1. Fear siúlta an róid, a man who walks the roads, an itinerant. 2. Walk. (a) Ability to walk. Tá an ~ ag an leanbh, the child is able to walk. Chaill sé ~ na gcos, he lost the use of his legs. Is ar éigean atá ~ na sráide ionam, I can hardly walk the street. (b) Manner of walking, gait. Tá ~ díreach aige, he walks straight. D’aithin mé do shiúl, I recognized you by your walk. ~ an chait ag an bpuisín, ‘the kitten walking like the cat’, the boy aping the man. (c) Excursion on foot. Is fada an ~ é, it is a long walk. Bhí ~ breá againn cois na trá, we had a fine walk along the strand. ~ fada ar chosa laga, ‘a long walk on weak legs’, a long journey without transport or sustenance. S.a. 4. 3. Movement, speed. (a)Sa ~, on the move. Faoi shiúl, in motion. ~ a chur faoi rud, to set sth. in motion. Bhí ~ géar fúthu, they were going at a fast pace. Cuir tuilleadh siúil faoi, make it go faster. Ag tógáil siúil, gathering speed. Bain an ~ den charr, slow down the car. ~ loinge, sea-way. (b) Com: Movement of goods, demand, sale. Tá ~ maith ar na hearraí sin, there is a ready sale for those goods. Ní raibh ~ ar eallach óg, young cattle were not in demand. (c)Med: Motion. 4. Travel, journey. (a) Dul chun siúil, i gceann siúil, to set off on a journey. Duine a chur chun siúil, to send s.o. away. An ~ a dhéanamh, to make the journey. Ní maith liom an ~ a bhaint asat, I don’t want to put you to the trouble of making the journey. Cá bhfuil do shiúl? Where are you off to? Cad é an ~ atá fúibh? Why all this gadding about? Tá ~ in bhur gcosa! Aren’t you very anxious to get around! ~ lae, a day’s journey. De shiúl oíche, travelling by night. Ar mo shiúlta, in my travels. Lucht siúil, itinerants, travellers. S.a. bean1 1, bráthair 3, cos 1, fear1 1(a), sifín. (b)Tá ~ daoine ar an áit, a lot of people visit the place. Is ann a bhíodh mo shiúl, it is the place I used to frequent. Teach siúil, haunted house. (c) Faoi shiúl na gréine, under the course of the sun. Ná bígí amuigh ar shiúl na hoíche mar sin, don’t be going about at night like that. (d) Tháinig sé d’aon ~, he came on purpose. 5. Ar ~, going on, in progress. Rud a chur ar ~, to set sth. in motion, to get sth. going. An obair atá ar ~, the work in progress. An rud atá ar ~ acu, what they are doing. Coinnigh ar ~ é, keep it going. Tá tú ar ~ arís! You are at it again! 6. Ar shiúl, gone, away. Tá sé ar shiúl, he is gone. Fan ar shiúl as an áit, stay away from the place. I bhfad ar shiúl, far away. Ar shiúl ó bhaile go baile, passing from town to town. Tá tú ar shiúl leis! You’re daft! 7. Sa ~, in motion; (of animal) in heat. Ráfla a chur sa ~, to circulate a rumour.
ABAIRTÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
~ éirí, siúl, able to rise, walk.
~ oibre, siúil, strength, capacity, for work, for walking.
Tá an t-~ ag siúl leis, he is always in luck.
Iompar, siúl, glór, duine a ~t, to recognize s.o. by his carriage, walk, voice.
Coiscéim, siúl, ~, lumbering step, walk.
~ oibre, siúil, strain of work, of travel.
Nach moch an siúl atá orthu? Aren’t they early afoot?
Siúil, rith, sleamhnaigh, ar, walk, run, slide, on.
D’~ sé leis, chun siúil, í, he carried her off; he eloped with her.
Aithním as a mhuintir, as a shiúl, é, I recognize him from his people, by his walk.
Bhí sé ag siúl as féin, he was walking alone.
An siúl a bhaint den bhád, to reduce the speed of the boat.
Bhain sé faoi san áit seo nuair a bhí sé tuirseach den siúl, he settled down in this place when he was tired of travelling.
Bhí sé ag siúl ar bharra a chos, he was walking on tiptoe.
Ag siúl ar bharraicíní na gcos, walking on tiptoe.
Siúl ~, slow speed, walk; short walk.
Ag siúl an bhealaigh, walking the road.
~ siúil, travelling woman.
Siúil go ~, walk smartly.
Tá sé céad slat as seo, míle ón trá, siúl uaire chun na páirce, it is a hundred yards from here, a mile from the strand, an hour’s walk to the park.
Ag ~adh chun siúil, making a move to go.
An ~ a shiúl, to walk, travel, the road.
~ bóthair, siúil, travelling friar.
Siúl ~ fada, good long walk.
Tháinig ~ siúil, coisíochta, dó, he increased his speed, quickened his pace.
~ mo shiúil, the purpose of my journey.
Bhrostaigh siad chun siúil, they hurried away.
Tá ~ siúil faoi, he is travelling at a furious pace.
D’imigh sé agus ~ siúil faoi, he sped away.
Ag siúl, ag obair, sa cháidheadas, walking, working, in filth.
Ag siúl go ~, walking with head in the air.
Ag siúl le chéile, lena chéile, walking together; courting.
An bhfuil aon cheo ar siúl? Is there anything on, afoot?
Siúl, labhairt, go ~, to walk, speak, softly.
Rud a choimeád ar siúl, to keep sth. going.
Siúl i g~ an chnoic, to walk against, up, the hill.
Siúl a chosc, to stop, obstruct, travel.
Ba dheas an choiscéim siúil a bhí aici, léi, she stepped it out nicely.
~ shiúil, éalaithe, theite, path of travel, of escape, of retreat.
Tá ~ siúil orthu, they are in a mad hurry.
Siúl de chois, to travel on foot.
Tháinig sé de shiúl a chos, he came on foot.
Siúl ar, de, chosa tirime, to walk dry-footed.
Ag siúl lena chois, walking along with him.
Do shiúl a chothromú, to steady one’s pace.
~ seoil, siúil, bedstead.
Chroch an sruth chun siúil é, the current carried it away.