ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I know a Doctor Walsh, tá aithne agam ar dhochtúir (áirithe) de Bhreatnach.
According to his ability, de réir a acmhainne.
To abstract s.o.'s attention from sth., umhail duine a thógáil de rud.
By accident, trí thimpiste, de thaisme.
By a mere accident, go díreach de thaisme.
He had, met with, an accident, bhain míthapa, timpiste, de.
Niall was acclaimed king, gaireadh rí de Niall le hollghairdeas.
To come to an accommodation, socrú de thoil a chéile, réiteach a dhéanamh.
In accordance with your instructions, de réir mar a d'ordaigh tú.
According as, de réir mar.
According as we are rich or poor, de réir mar atáimid bocht nó saibhir.
According to the orders, de réir na n-orduithe.
According to age, height, de réir aoise, airde.
According to himself, más fíor dó féin, de réir mar a deir sé féin.
(Therefore) Accordingly I wrote to him, mar sin de scríobhas chuige; dá bhrí sin scríobhas chuige.
To turn sth. to the best account, a mhór a dhéanamh de rud.
To make little account of sth., a bheag a dhéanamh de rud.
On account of the war, as siocair, de bharr, an chogaidh.
By his own account, (i) de réir a chuid cainte féin; de réir mar a deir sé féin; (ii) más fíor dó féin; más cóir aird a thabhairt air.
By all accounts, de réir gach scéil, gach tuairisce.
He is accustomed to going there, tá sé de nós aige dul ansin.
To acquire a habit, cleachtadh a dhéanamh de rud; aghaidh a thabhairt do rud.
To acquit oneself of a duty, dualgas a chur díot.
To come, to drop, across a person, casadh ar duine (de thaisme).
He acted up to his principles, rinne sé beart de réir a bhriathair.
That does not come within my activities, ní de mo chuid oibre é sin; ní bhaineann sin le mo ghnóthaí.
He is actuated by jealousy, éad atá taobh thiar de.
Com: Ind: Ad valorem duty, cáin de réir luacha.
In addition, de bharraíocht, de chorrlach.
He had great admiration for her, shíl sé an dúrud di.
F: His adoration for her, an grá atá aige di.
Adm: Advance in seniority, ardú m de réir sinsearachta.
He has the advantage of youth, tá buntáiste aige de thairbhe óige.
To show off sth. to advantage, an taobh is fearr de rud a chur amach.
As shall be deemed advisable by us, de réir mar a fheicfear dúinn,
To affiliate s.o. to, with, a society, ball de chumann a dhéanamh de dhuine.
To go, come, afoot, imeacht, teacht, de shiúl cos.
After a pattern, de réir sampla.
F: I ran up against him, casadh orm de thaisme é.
He stood aghast at it, rinneadh staic de le faitíos, le hiontas; cuireadh an croí ar crith ann.
Agreeably to your instructions, de réir mar a d'ordaigh tú.
He is two hours ahead of me, tá dhá uair de bhuntáiste aige orm.
To aim a blow at s.o., iarraidh de bhuille a thabhairt ar dhuine.
He put on airs with me, rinne sé duine mór de féin os mo choinne; bhí sé ag cur gothaí air féin liom.
(With antecedent) I spoke to all the people who were there, labhair mé lena raibh (de dhaoine) ann.
For all I care, ar scáth a gcuireann sé de bhuaireamh ormsa.
Mil: To allot a portion of one's pay to a relative, cuid de do thuarastal a dhathú do dhuine muinteartha.
The law allows you twenty days' grace, tá cairde fiche lá agat de réir dlí.
He has an alternative plan, tá a athrach, a mhalairt, sin de phlean aige.
Or alternatively you can come to-morrow, nó de rogha air sin féadfaidh tú teacht amárach.