ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To bed (up, down) the horses, easair a chur faoi na capaill.
To let the horses blow, ligean do na capaill a n-anáil a tharraingt.
Cast horses, capaill chuileáilte, athchapaill.
Change of clothes, of horses, athrach éadaigh, chapall.
Fifty-five horses, cúig chapall agus caoga; cúig chapall déag agus daichead.
The horses' hooves struck fire from the stones, bhain cruite na gcapall tine chreasa as na clocha.
The first two horses in the race, an dá chapall tosaigh sa rás.
To change horses, capaill úra a chur i gcuing.
Change of horses, capaill úra.
To talk horses, bheith ag caint ar chapaill.
Nau: White horses, capaill bhána; bristí geala.
A hundred and five horses, cúig chapall ar chéad, agus céad.
To take, keep, horses at livery, capaill a chothú ar airgead.
How many horses have you? cé mhéad capall agat?
Nine horses, naoi gcapaill, gcapall.
Ninety-nine horses, naoi gcapall déag is ceithre fichid.
Seventy-five horses, cúig chapall agus seachtó; cúig chapall déag agus trí fichid.
The horses are spent, tá na capaill cloíte.
We can stable three horses, tá áit againn do thrí chapall.
These horses stood me in (at) three hundred, chosain na capaill seo trí chéad punt orm.
Only six horses started, ní dheachaigh ach sé chapall amach sa rás.
The horses were steaming with sweat, bhí deatach allais ag éirí de na capaill.
The three horses, an trí chapall, na trí capaill.
Thirty-five horses, cúig chapall is tríocha; cúig chapall déag ar fhichid, is fiche.
To put the horses to, na capaill a ghabháil.
To understand horses, bheith eolach, oilte, ar chapaill.
F: Wild horses wouldn't draw it out of me, dá mbrisfí coill orm, ní sceithfinn é.