Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: hundredth · hunted · hinder · honoured · huddle
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh hundred »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
hundred. 1 num. a. Céad followed by nom. sg. A hundred years, céad bliain. A hundred and five horses, cúig chapall ar chéad, agus céad. Com: A hundred eggs, céad ubh; sé scór uibheacha; deich ndosaen uibheacha. Two hundred apples, dhá chéad úll. Two hundred and one, nine, pounds, punt, naoi bpunt, agus dhá chéad. 2 num. s. Céad m. To live to be a hundred, an céad a shárú. A hundred per cent., céad faoin gcéad. They died in hundreds, in hundreds of thousands, fuair siad bás ina gcéadta, ina gcéadta míle. To sell by the hundred, díol de réir an chéid. He has three hundred a year, tá trí chéad sa bhliain dó. A hundred and one, nine, a haon, a naoi, agus céad; céad is a haon, is a naoi. In nineteen hundred, sa bhliain a naoi gcéad déag.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He can trace his descent above four hundred years, tá ginealach a chine aige siar tuilleadh is, breis is, ceithre chéad bliain.
It is almost one hundred years, tá sé céad bliain ach sa bheag.
Two hundred and two, dhá chéad is a dó.
Towns a hundred miles apart, bailte a bhfuil céad míle eatarthu.
The cost of it is estimated at five hundred pounds, meastar go mbeidh cúig chéad punt de chostas air.
It will cost five hundred in round figures, cosnóidh sé isteach is amach le cúig chéad.
For one enemy he has a hundred friends, in aghaidh gach aon namhad dá bhfuil aige tá céad cara.
A hundred employees to go, tá céad feidhmeannach le leagan as.
Four hundred miles in two hours, that’s very good going, ceithre chéad míle in dhá uair a chloig, is breá an siúl é.
(Even) if I were given a hundred pounds, I would not do it, dá dtabharfaí céad punt féin dom ní dhéanfainn é.
They died in hundreds, fuair siad bás ina gcéadta.
Four hundred infantry, ceithre chéad coisí.
A hundred pounds at the very least, céad punt ar an gceann caol de, ar a laghad ar bith.
He will live to be a hundred, mairfidh sé an céad.
Com: Long hundred, céad mór.
A hundred pounds at the very lowest, céad punt ar a laghad ar bith, ar an gcuid is lú de.
A hundred pounds is the most I can manage, ní hacmhainn dom thar céad punt.
F: Not a hundred miles away, (duine) nach bhfuil i bhfad uainn.
Society that musters a hundred (members), cumann a bhfuil céad ball ann.
He netted one hundred pounds (on the transaction), rinne sé céad punt (ar an ngnó).
A hundred odd yards, corradh le céad slat.
Of the hundred only one was bad, ní raibh ach aon drochcheann amháin sa, ar an, gcéad.
One hundred and one years, bliain agus céad.
A hundred pounds reward, céad punt de dhuais.
Somewhere round a hundred pounds, isteach agus amach le céad punt.
It will run to a hundred, déanfaidh sé an céad.
It fell short of the hundred, bhí sé faoi bhun an chéid.
To serve five hundred people at one sitting, cúig chéad a chur chun boird in éineacht.
A hundred pounds or so, tuairim agus, suas agus anuas le, céad punt.
Some five hundred people, amuigh is istigh le cúig chéad duine.
These horses stood me in (at) three hundred, chosain na capaill seo trí chéad punt orm.
A company two hundred strong, dhá chéad de líon slua.
A hundred pounds will be sufficient, déanfaidh céad punt an gnó.
A hundred miles there and back, céad míle ann agus as.
Abs.He can throw a hundred yards, tá caitheamh, urchar, céad slat aige.
To tip the scale(s) at a hundred pounds, céad punt a bhualadh ar na scálaí.
The total amounts to a hundred pounds, céad punt an t-iomlán.
Aut: We travelled two hundred miles in one day, rinne muid dhá chéad míle in aon lá amháin.
Bill: Game of a hundred up, cluiche m céid.
There are a hundred fathoms of water, tá céad feá ar doimhne ann.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht