TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fifty. 1 num.a. Caoga (followed by nom. sg.); deich (gcinn, nduine, etc.) agus daichead. Fifty years, deich mbliana agus dhá scór; leathchéad bliain. Fifty-five horses, cúig chapall agus caoga; cúig chapall déag agus daichead. 2 num.s. (A) caoga, a deich agus daichead. He is fifty, tá an leathchéad aige. Fifty-one, -nine, a haon, a naoi, agus caoga; a haon déag, a naoi déag, agus daichead.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I'm fifty pounds to the bad as a result of it, tá mé leathchéad punt thíos leis.
To be close on fifty, a bheith ag bordáil ar an leathchéad; a bheith i ndáil le leathchéad.
That firm has been in existence for fifty years, tá an gnólacht sin ann le caoga bliain.
To be going fifty, bheith ag druidim leis an leathchéad.
Hamlet of fifty homes, baile beag agus leathchéad cónaí ann.
Over fifty, os cionn leathchéid; níos mó ná leathchéad.
He is over fifty, tá an leathchéad sáraithe aige.
He is passed fifty, tá sé thar an leathchéad.
Train running at fifty miles an hour, traein ag dul caoga míle san uair.
He is somewhere about fifty, tá sé amuigh is istigh ar, suas agus anuas leis, an leathchéad.
(Of expenses, etc.) To tot up to fifty pounds, leathchéad punt a dhéanamh.
It totals, totals up to, fifty pounds, déanann sé leathchéad punt; leathchéad punt an t-iomlán.
He was fined to the tune of fifty pounds, cánadh leathchéad punt é.
Upwards of fifty pupils, breis, corradh, tuilleadh, agus caoga dalta.
Fifty at the utmost, caoga ar an taobh amuigh de.
To be on the wrong side of fifty, bheith os cionn an leathchéid.