ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The accessibility of the house, a éasca atá sé an teach a bhaint amach.
He acted the fool, lig sé amach ar amaidí é.
The season is advanced, tá sé amach i ndeireadh an tséasúir.
To show off sth. to advantage, an taobh is fearr de rud a chur amach.
Until the advent of the motor car, gur tháinig an gluaisteán amach.
Farther afield, níos faide amach.
I am afraid he is out, déarfainn go bhfuil sé imithe amach.
After this date, ón lá seo amach.
On and after the first of the month, ar an gcéad lá den mhí agus uaidh sin amach.
To air clothes (out of doors), éadach a chur amach faoin ngaoth.
To take an airing, dul amach faoin aer; dul amach ag déanamh na gcos.
You are not as ill as all that, níl tú chomh tinn sin amach.
To allocate duties to people, a gcuid oibre a leagan amach do dhaoine.
To allot a sum of money to, for, certain work, suim airgid a leagan amach le haghaidh oibre áirithe.
His condition would not allow of his going out, ní fhéadfadh sé dul amach ag an mbail a bhí air.
Keep aloof! coinnigh amach!
To keep, to hold, aloof from sth., fanacht amach as rud.
Stand by the anchor! réidh leis an ancaire a chur amach!
To anticipate a result, toradh a dhéanamh amach roimh ré.
He hadn't any luck from that on, ní raibh lá den ádh air uaidh sin amach.
To hold oneself apart from . . ., fanacht amach ó ...
They moved apart, sheas siad amach ó chéile.
He did not come at the appointed time, níor tháinig sé ag an uair a bhí leagtha amach, a bhí ceaptha.
To apportion sth. to s.o., rud a ghearradh amach do dhuine.
He had arranged to do it, bhí sé leagtha amach aige é a dhéanamh.
How did you arrive at that? cén chaoi a ndearna tú é sin amach?
He went out (just) as I came in, chuaigh sé amach (go díreach) agus mé ag teacht isteach.
To take, carry, a town by assault, baile a bhaint amach d'ionsaí.
He asserted his rights, bhain sé a cheart amach.
Jur: Assessment of damages, leagan amach, measúnú m, damáistí.
To assign a thing to a certain use, úsáid áirithe a leagan amach do rud.
For the attainment of his purpose, lena chuspóir a bhaint amach.
To avoid s.o., fanacht amach ó dhuine.
To hold sth. away from sth., rud a choinneáil amach ó rud.
To babble (out) a secret, rún a spalpadh amach.
Stand back (from me), seas amach (uaim), druid siar (uaim).
He was admitted to bail, let out on bail, ligeadh amach ar bannaí é.
To strike a balance, clár na bhfuílleach a dhéanamh amach.
To discharge, throw out, ballast, ballasta a chaitheamh amach.
He went out bareheaded, chuaigh sé amach ina mhaoil.
v.i. Nau: To bear off from the land, luí amach, coinneáil amach, ón talamh.
To bear out a body, etc., corp, etc., a iompar amach.
v.tr.The house belched (forth, out) flames, smoke, bhí an teach ag tonnadh amach lasracha, deataigh.
A man from beyond the village, fear thar baile amach.
F: To make a bid for power, (i) iarraidh a thabhairt ar cheannas a bhaint amach; (ii) iarraidh a thabhairt ar cheannas stáit a fháil le láimh láidir.
That takes the biscuit! bhuail sin amach troid choileach; is measa sin ná an tseamsóg!
To black sth. out, rud a scrios amach (le marc dubh).
Blank impossibility, rud atá dodhéanta amach is amach.
To blaze a trail, bealach a mharcáil, a leagan amach, a réiteach.