ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To fall down, titim go talamh, ar an talamh.
To fall down the stairs, titim síos, anuas, an staighre.
The boat is drifting on shore, tá an bád ag titim ar an gcladach.
I am ready to drop, táim i riocht titim (leis an tuirse), táim ag titim as mo sheasamh.
The Fall, titim f an chine dhaonna.
Night is falling, tá an oíche ag titim.
To fall to the ground, titim ar an talamh.
The candle was flaring in the wind, bhí lasair na coinnle ag titim agus ag éirí ar an ngaoth.
P: I came all over funny, bhraitheas an t-aer agus talamh ag titim le chéile orm.
To fall into enemy hands, titim idir lámha, i láimh, an namhad.
The mercury is falling, tá an baraiméadar ag titim.
He is mouldering in idleness, tá sé ag titim as a chéile leis an leisce.
St.Exch: To operate for a rise, for a fall, oibriú ar éirí, ar thitim, an mhargaidh.
St.Exch: Operator for a fall, for a rise, oibritheoir ar éirí, ar thitim, an mhargaidh.
What was passing, an rud a bhí ag titim amach, a bhí ar siúl.