ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The guards are after you, tá na gardaí ar do lorg.
To brand sth. on s.o.'s memory, lorg ruda a fhágáil ar intinn duine.
F: Cab on the crawl, cab ag fálróid (ar lorg paisinéirí).
To dive for pearls, dul faoi loch ar lorg péarlaí,
He hasn't a dog's chance of it, tá sé chomh maith dhó sneachta a chaitheamh ar a lorg.
To feel (about) for sth., to feel after sth., bheith ag smúrthacht ar lorg ruda.
Ven: Hot on the trail, on the scent, géar ar an lorg.
To go house-hunting, dul a chuardach, ar lorg, tí.
To look round for s.o., breathnú timpeall ar lorg duine.
It bears the mark of truth, tá lorg na fírinne air.
To leave one's mark upon sth., do rian, lorg do láimhe, a fhágáil ar rud.
Min: To mine (for) coal, tochailt ar lorg guail.
Pack in eager, hot, pursuit, conairt go géar ar lorg.
In pursuit of happiness, ar lorg, ar thóir (sonais).
In pursuit of knowledge, ar lorg eolais, ag iarraidh eolais.
To go in quest of s.o., dul ar lorg, ar thuairisc (duine).
Book that bears the seal of genius, leabhar a bhfuil lorg na hardéirime air.
In search of sth., ar lorg ruda, ag iarraidh ruda.
To go and seek s.o., dul ar lorg duine.
She sank by the bow, chuaigh sí faoi ar lorg a tosaigh.
He bears the stamp of poverty, tá lorg na bochtaineachta air.
To stamp sth. on the mind, lorg ruda a bhualadh (go daingean) ar an intinn.
(Of ship) She sank stern foremost, chuaigh sí síos ar lorg a deiridh.
His drawn face told the tale of his hardships, bhí lorg an chruatain ar a éadan tarraingthe.
To drive tandem, capaill a thiomáint ar lorg a chéile.
To invite tenders for a piece of work, tairiscintí a lorg ar obair.
The knife left no trace on it, níor fhág an scian lorg ar bith air.
To be on s.o.'s track, a bheith ar thóir, ar lorg, ar bhonn, duine.
To pick up the trail, teacht ar an lorg.
F: It's all U.P. (=up), caith sneachta ar a lorg.