ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To acknowledge a salute, beannacht f, forrán m, a fhreagairt.
The priest gave the blessing to the congregation, thug an sagart an bheannacht don phobal.
(In correspondence) Please accept my compliments, beir beannacht uaim.
Compliments of the season, beannachta na féile.
F: Give me the good old days! beannacht Dé leis an seansaol.
Give him my love, beir mo bheannacht chuige.
To send greetings to s.o., beannacht a chur chun duine.
New-year greetings, beannachta fpl na hathbhliana.
Give it up as a bad job, scaoil do bheannacht leis.
Give him my kind regards, beir mo bheannacht chuige.
Until we meet again, beannacht leat go bhfeicfidh mé arís thú.
To reciprocate s.o.'s good wishes, an bheannacht chéanna a chur ar dhuine.
Give my kind regards to your brother, beir mo bheannacht chuig do dheartháir.
Remember me (kindly) to them, beir mo bheannacht chucu.
Give my kind remembrances to him, beir mo bheannacht chuige.
To speed the parting guest, beannacht a chur leis an té atá ag fágáil.
To wish s.o. well, do bheannacht a chur le duine; rath a ghuí ar dhuine.
F: He may whistle for his money, féadfaidh sé a bheannacht a scaoileadh lena chuid airgid.
Give my good wishes to Peter, tabhair, beir, mo bheannacht chuig Peadar.