Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: deabhal · dabha · diabhalta · diabhlaí · abhail
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Go to blazes! go teach an diabhail leat!
(Intensive) What the blazes..., cén diabhal . . ., céard sa tubaiste (atá tú a dhéanamh ansin).
He is working like blazes, tá sé ag obair mar a bheadh an diabhal ann, ar a bhionda.
F: He is out for blood, tá cuil an diabhail air.
He is a bloody liar, tá sé chomh bréagach leis an diabhal.
Blow the expense! Expense be blowed! is cuma sa diabhal faoin gcostas.
I'll be blowed if . . ., go mbeire an diabhal leis mé má . . ., damnú orm má...
Bother the man! chuig an diabhal leis!
It was confoundedly cold, bhí an diabhal air le fuacht.
Here the rabbits are a curse, tá an diabhal ar na coiníní anseo.
I don't care a damn, is cuma sa diabhal liom.
F: Well I'm damned! m'anam don diabhal!
F: I'm damned if I know, dheamhan a fhios agam, níl a fhios agam sa diabhal.
That dashed door . . ., an diabhal, an cleabhar, de dhoras sin.
F: He's a demon for work, tá an diabhal air chun oibre.
F: Go to the deuce! téigh sa diabhal!
a.A deuced lot of trouble, trioblóid an diabhail.
Devil take it! go dtuga an diabhal leis é!
Go to the devil! téirigh in ainm an diabhail!
The devil's in it! tá lámh ag an diabhal ann!
F: What the devil are you doing? cad é an diabhal atá ar bun agat?
How the devil...? conas sa diabhal...?
To work like the devil, oibriú in ainm an diabhail.
There will be the devil to pay, beidh an diabhal is a mháthair le díol.
(Of a task, etc.) It's the devil, tá an donas air, is é an diabhal é.
He's the devil, tá an diabhal air!
Devil a one! diabhal duine! diabhal ceann!
Devil a bit! diabhal é.
He is full of devilment, tá an diabhal ina bholg.
F: To wish s.o. farther, duine a chur in ainm an diabhail.
He's a perfect fiend, diabhal cruthanta é.
F: These reporter fiends, na diabhail de thuairisceoirí seo.
I'll see him damned first, b'fhearr liom ag an diabhal é.
F: To jump out of the frying-pan into the fire, dul ó theach an diabhail go teach an deamhain.
Ill-gotten gains seldom prosper, an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail imíonn sé ar a bholg.
F: Here's a rum go, a pretty go! nach diabhalta an scéal é seo! tá an diabhal ar fad ar an scéal seo.
(I'll be) hanged if I know, diabhal a bhfuil a fhios agam!
Hang the expense! bíodh an diabhal ag an gcostas!
The weather has played old Harry with his health, rinne an aimsir an diabhal ar a shláinte.
P: My hat! diabhal an féidir!
Hell is let loose, tá ceann scaoilte le diabhail ifrinn.
To raise hell, raic an diabhail a tharraingt.
He worked like hell, d'oibrigh sé mar bheadh an diabhal ann.
What the hell do you want, céard sa diabhal atá tú a iarraidh?
F: A devil incarnate, diabhal m saolta.
Go to Jericho! go scioba an diabhal thú!
Well, I'm jiggered! diabhal an féidir!
You're joking, diabhal an féidir!
F: He ran like anything, like blazes, like the (very) devil, like mad, rith sé in ainm an diabhail, le luas lasrach.
You don't mean it! ag magadh atá tú! diabhal an féidir!
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht