ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To come on alternate days, teacht gach dara, gach re, lá.
The doctor was in attendance on him every day, bhí an dochtúir ag teacht chuige gach uile lá.
It requires daily attention, caithfear freastal air gach uile lá.
He averages eight hours' work a day, oibríonn sé ocht n-uaire sa lá, gach aon lá leis an lá eile; déanann sé ar meán, hocht n-uaire oibre sa lá.
Every blessed day, gach lá san aer.
Every other day, day about, gach re lá.
Day in day out, gach uile lá beo, Domhnach is dálach.
Every day in his life, gach lá dá n-éiríonn (dár éirigh) air.
He wears a different suit every day, bíonn athrach culaithe air gach lá.
Every day, gach lá, gach aon lá.
Every other day, every second day, gach re lá.
Every three days, gach trí lá.
Everyday occurrence, (i) rud a tharlaíonn gach aon lá; (ii) gnáthrud m -a.
An everyday suit, culaith f chaite gach aon lá.
Every few days, gach aon chúpla lá.
Hourly dread of death, eagla an bháis gach nóiméad den lá; gnátheagla an bháis.
It is quite a luxury for us, ní gach aon lá a bhíonn a leithéid againn; is geall le Nollaig againn é.
An everyday occurrence, rud a tharlaíonn gach lá sa bhliain.
A boat that runs daily, bád a dhéanann an t-aistear gach lá.
Every second day, gach dara lá.
Sufficient unto the day is the evil thereof, is leor do gach lá a olc féin.
Com: Families supplied daily, leagtar earraí chuig daoine gach lá.
Article of everyday use, acra a bhíonn in úsáid gach lá.
I used to go to school every day, théinn ar scoil gach lá.
A person who comes here every day, duine a thagas, a thagann, anseo gach lá.