TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
habit, s. 1 a Cleachtadh m, gnás m, béas m -a, nós m, taithí f. He is in the habit of. . ., is gnáth leis ... I don't make a habit of it, níl sé ina ghnás agam, de nós agam. To get, grow, into the habit of sth., cleachtadh a dhéanamh de rud. To get a dog into habits of obedience, umhlaíocht a chleachtadh do mhadra; taithí na humhlaíochta a mhúineadh do mhadra. To get out, fall out, of a habit, dul as cleachtadh. Out of (sheer) habit, from force of habit, de bharr cleachtaidh. Of gentle habits, caoinbhéasach. b Phil: Aibíd f. 2 a Habit of body, coimpléasc m. b Habit of mind, meon m. 3 Cost: Culaith f; aibíd f (mná rialta). Riding habit, culaith mharcaíochta.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He accommodated himself to their habits, thit sé isteach lena nósanna-san.
To acquire a habit, cleachtadh a dhéanamh de rud; aghaidh a thabhairt do rud.
To break s.o. of a bad habit, duine a bhaint as droch-chleachtadh, duine a chur ó dhroch-chleachtadh.
It was a departure from his usual habits, b'athrú m gnáis aige é.
He dropped into the habit, the way, of. .., rinne sé cleachtadh de ...
Extravagant habits, nósanna costasacha.
To fall into a habit, tosú ar nós a chleachtadh.
To fall out of a habit, nós a thabhairt suas.
A bad habit gains on one, faigheann drochchleachtadh greim ar dhuine.
To get into a bad habit, drochbhéas a fhoghlaim.
He got the child out of the habit, bhain sé an cleachtadh as an bpáiste.
I got out of the habit of doing it, d'éiríos as mar bhéas.
He has given up that habit, tá an nós san caite faoi thóin cártaí aige.
Habit that grows on one, béas a ghabhann leastuas de dhuine de réir a chéile.
A middle-class habit, nós de chuid na meánaicme.
To outgrow a habit, nós a chur uait leis an aimsir.
Predatory habit, nós na creachaireachta, na foghla.
Man of regular habits, fear riailbhéasach.
To throw off a bad habit, éirí as drochnós, scaradh le drochnós.
To unlearn a habit, scaradh le cleachtadh.
Wasteful habits, nósanna drabhlásacha, rabairneacha.
To wean s.o. from his bad habits, duine a scaradh lena dhrochnósanna.
It is a habit with me, tá sé ina, de, ghnás agam.