ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is all but finished, tá sé ionann is críochnaithe.
It is almost finished, tá sé ionann is, geall le, críochnaithe.
It amounts to the same thing, is ionann an cás; F: tá sé chomh fada is atá sé leathan.
One should not judge by appearances, ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht.
F: We are all in the same boat, is ionann cás don iomlán againn, is é an dála céanna againn ar fad é.
It is the very breath of life to me, is ionann is beatha dom é.
They are not to be compared, is beag is ionann iad; ní comórtas ar bith dá chéile iad.
Consider it as done, is ionann agus go bhfuil sé déanta.
It's as good as done, tá sé ionann is déanta.
He is as good as cured, tá sé ionann is leigheasta.
A is identical with B, is ionann A agus B.
They are identical, is ionann (le chéile) iad.
That implies courage on his part, is ionann sin is go bhfuil misneach aige.
It's just the same, is ionann an cás é; tá sé chomh fada agus atá sé leathan.
Like master, like man, is ionann le chéile an giolla agus a mháistir.
It means my ruin, is ionann é is mo chreach.
F: It is much of a muchness, ionann an cás an t-éag is an bás.
It is the same thing or nearly so, is ionann agus gurb é an rud céanna é.
It's all one, is ionann é; sé an dá mhar a chéile é.
It's all one to me, is ionann an cás domsa é.
He is no respecter of persons, is ionann íseal agus uasal aige.
It's all the same, it's just the same, is ionann an cás é; is é an dá mhar a chéile é.
One might as well say, ionann is a rá.
Silence gives consent, is geall le toil tost, ionann éisteacht agus aontú.
It is tantamount to a refusal, ní mó ná, is ionann agus, diúltú é.
Three is to six as six is to twelve, is ionann comhréir idir a trí agus a sé agus idir a sé agus a dó dhéag.
I am virtually certain of it, táim ionann is cinnte de.
One might as well say that..., ionann is a rá go . . .
It would be as much as my life is worth, b'ionann é is mo bheo a chur i ngeall air.