TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
notice1, s. 1 a Tuairisc f, scéal m. Notice of receipt, admháil fála. b Fógra m, rabhadh m (roimh ré). To give s.o. notice of sth., rud a chur in iúl do dhuine roimh ré. I must have notice, caithfear scéala a chur chugam roimh ré. Without notice (given) he sold the house, dhíol sé an teach gan fógra a thabhairt. To give out a notice, rud a fhógairt. Notice is hereby given that . . ., seo fógra don phobal go . . . Public notice, fógra poiblí. Until further notice, go bhfógrófar a mhalairt. c Ordú m, foráileamh m, fógra m (cúirte). To give s.o. notice to do sth., a ordú do dhuine rud a dhéanamh. Jur: To receive notice to do sth., ordú cúirte, foráileamh, a fháil rud a dhéanamh. Notice to pay, éileamh m íocaíochta. To serve a notice on s.o., duine a sheirbheáil le fógra cúirte. d Téarma m, fógra m. At short notice, gan téarma ar bith; gan chairde. Ready to start at a short notice, réidh le tosú nóiméad ar bith. To take s.o. at short notice, breith gairid ar dhuine. At a moment's notice, láithreach baill. Six months' notice, fógra sé mhí roimh ré. Com: Can be delivered at three days' notice, seachadfar faoi cheann trí lá. e Notice to quit, fógra imeachta. To give notice to an employee, fógra scoir a thabhairt d'oibrí. To give s.o. a week's notice, fógra seachtaine a thabhairt do dhuine. He gave notice (to his employer), thug sé fógra (dá fhostaitheoir) go raibh sé chun éirí as. 2 a Fógra m, póstaer m. Notice of sale by auction, fógra ceantála. b To put a notice in the papers, fógra a chur ar na páipéir; rud a fhógairt sna páipéir. c Tuairisc f (ar leabhar, etc.). 3 To take notice of sth., rud a thabhairt faoi deara; sonrú a chur i rud. To take no notice of sth., gan aon aird, aon toradh, a thabhairt ar rud. I never took any notice of it, níor thógas aon cheann, aon chomhartha, riamh dó; níor chuir mé sonrú, aon nath, riamh ann. The fact came to my notice that. .., thug mé faoi deara go . . .; cuireadh ar mo shúile go . . . To attract notice, aghaidh na ndaoine a tharraingt ort féin. Looking for notice, ag éileamh breathnaithe. He is coming into notice, táthar ag cur sonraithe ann. To avoid notice, amharc na ndaoine a sheachaint. To bring, call, a matter to s.o.'s notice, rud a chur ar shúile duine.
notice2, v.tr. Tugaim (rud) faoi deara; tugaim suntas do; cuirim sonrú i (rud). I have never noticed it, níor thug mé riamh faoi deara é. I noticed her look at her watch, thug mé faoi deara í ag féachaint ar a huaireadóir. I noticed that she had been crying, d'aithníos uirthi go raibh sí tar éis a bheith ag gol. I did not notice the time passing, níor mhothaíos an t-am ag imeacht. To get yourself noticed, aghaidh na ndaoine a tharraingt ort féin.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To avoid notice, fanacht as amharc.
(Notice-) board, clár fógraí.
To display a notice, fógra a chur suas.
It escaped notice, níor tugadh faoi deara é.
To give out a notice, fógra a léamh amach.
To insert a notice in a paper, fógra a chur i bpáipéar.
Notice of meeting, fógra cruinnithe.
Obituary notice, fógra m mairbh.
Notice particularly that . . ., tabhair do d'aire go speisialta go . . .
To paste up a notice, fógra a chur suas.
To post (up) a notice, fógra m a chur suas.
At short notice, ach gearrfhógra a thabhairt.
It slipped my notice, níor ghoin sé m'aire.
To stick up a notice, fógra a chur suas.
Unworthy of notice, (duine) nach fiú aird a thabhairt air.