ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The seas that bathe Ireland, an fharraige atá timpeall ar Éirinn.
The countries beyond the seas, na tíortha thar lear.
Command of the seas, urlámhas m, ceannas m, na farraige.
She was shipping heavy seas, bhí tonnta móra ag teacht ar bord uirthi.
Mountainous seas, tonnta chomh hard leis na sléibhte; farraigí tógtha.
The narrow seas, na caoil; na caolfharraigí.
On the high seas, ar an mórmhuir.
(Of pirate, etc.) To rove the seas, na farraigí a threabhadh.
To sail the seas, na farraigí a shiúl.
The high seas, an mhórmhuir.
On the high seas, ar mórmhuir.
The seven seas, farraigí an domhain.
To be in Irish seas, bheith ar fharraige na hÉireann.
She was shipping heavy seas, bhí sé ag teacht ar bord go trom uirthi.
Territorial seas, farraigí teorann.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To abide by a promise, seasamh do ghealltanas, gealltanas a chomhlíonadh.
I abide by what I said, seasaim leis an méid a dúras,
Of, with, no fixed abode, gan aon áit sheasta chónaithe.
I adhere to what I said, tá mé ag coinneáil, ag seasamh, leis an rud a dúirt mé.
Standing, regular, army, arm seasta.
To stand aside, seasamh i leataobh.
Stand back (from me), seas amach (uaim), druid siar (uaim).
To back (up) s.o., sth., seasamh le duine, le rud; tacaíocht a thabhairt do dhuine, do rud.
The farmers are the backbone of the country, is ar na feirmeoirí atá seasamh na tíre.
She was standing beside him, bhí sí ina seasamh taobh leis.
To stand before s.o., seasamh ar aghaidh duine.
Every tub must stand on its own bottom, caithfidh duine seasamh ar a chosa féin.
The train calls at every station, seasann an traein ag gach stáisiún.
To stand in a circle, seasamh i bhfáinne.
To clan together, seasamh le chéile.
They are standing close together, tá siad ina seasamh, le taobh, le punt, a chéile.
To confront s.o., seasamh ar aghaidh duine amach, i láthair duine.
Conscientious objector (to sth.), fear a sheasann ar a choinsias (in aghaidh ruda),
He is depending on himself, tá sé ag seasamh ar a bhoinn féin.
To do well by s.o., seasamh go maith do dhuine; comaoin a chur ar dhuine.
To drop in on s.o., seasamh istigh ag duine.
Mil: Stand at ease! seasaigí ar ais!
To stand erect, seasamh díreach.
To keep faith with s.o., seasamh le gealltanas do dhuine.
To stand fast, seasamh go daingean diongbháilte.
I am firm as to that, tá mé ag seasamh ar an bpointe sin, ní ghéillfead sa phointe sin.
To stand firm, seasamh go teann, go daingean.
Lever of fixed length, luamhán d'fhad seasta.
To stand without flinching, seasamh gan cúbadh.
To present an unbroken front, seasamh gualainn ar ghualainn, gualainn le gualainn.
Fenc: To show less front, seasamh cliathánach.
To keep good, seasamh gan lobhadh.
To be on guard (duty), bheith ag seasamh garda.
To come to a halt, seasamh.
F: To hold the fort, seasamh sa bhearna.
To hold oneself upright, seasamh díreach.
To hold tight, firm, seasamh go daingean.
That promise still holds good, seasann an gealltanas sin go fóill.
To hold out against an attack, seasamh in aghaidh ionsaí.
They stood in a row, bhí siad ina seasamh ina líne.
To insist upon a point, seasamh ar phointe.
His insistence on his own way was remarkable, b'iontach an seasamh a bhí aige ar a chomhairle féin.
To stand jam (up) against the wall, seasamh go dlúth leis an mballa.
To stand on one leg, seasamh ar leathchois.
When he found his legs, (i) nuair d'éirigh leis seasamh; (ii) nuair a thuig sé a chumas féin; (iii) nuair rinne sé bun ina ghnó.
To stand in s.o.'s light, seasamh sa solas ar dhuine.
To stand in a line, seasamh ar aon líne.
To stand in a line, seasamh duine ar chúl duine; seasamh in aon líne amháin.
I maintain my rights, seasaim mo chearta.
I maintain my ground, seasaim an fód.