Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: sere · serge · server · servo · swerve
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh serve »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
serve, I v.tr. 1 a (Of pers.) To serve a master, bheith i seirbhís máistir; bheith i do sheirbhíseach ag máistir. To serve God, bheith umhal do Dhia; bheith faoi réir . To serve humanity, fónamh don phobal. How can I serve you? an bhfuil gar a d'fhéadfainn a dhéanamh duit? To serve Mass, an tAifreann a fhriotháil. Abs.To serve at table, freastal ag bord. To serve in the army, seirbhís airm a dhéanamh. He has served ten years, seirbhís deich mbliana aige. To serve on a jury, bheith ar ghiúiré. b To serve one's apprenticeship, printíseacht a chur isteach. He has served his time, a phrintíseacht istigh aige. He has served his sentence, a phionós istigh. 2 a (Of thg.) Fónann do (dhuine). It will serve the purpose, déanfaidh cúis, an gnó. b If my memory serves me right, más buan mo chuimhne. 3 Freastalaíonn (ar), fónann do. The priest serves two parishes, dhá pharóiste faoi chúram an tsagairt. The locality served by the railway line, an ceantar a ndéanann an bóthar iarainn freastal air. 4 a Freastalaíonn ar (dhuine i siopa). To serve s.o. with a pound of butter, punt ime a leagan chuig dhuine. Are you being served? an bhfuiltear ag freastal ort? b Tradesman who has served us for ten years, ceannaí a rinne ár gcúram le deich mbliana. (At table) To serve s.o. with soup, anraith a leagan chuig duine. Serve him with tea, cuir, scaoil, braon tae chuige. 5 a To serve food, (i) bia a chur ar bord; (ii) bia a riaradh. b Ten: To serve (the ball), an liathróid a sheirbheáil. 6 To serve a writ on s.o., to serve s.o. with a writ, eascaire a leagan, a sheirbheáil, ar dhuine. 7 Riaraim (duine), déanaim riar (duine). He served me badly, thug drochbhail orm. He served me well, chruthaigh go maith dhom. It serves him right, gura mar sin , is beag an scéal é; is maith an díol air é. Serve him right for going, maith an scéal é nár fhan ag baile. II v.i. 1 To serve for sth., fónamh in ionad ruda. It served him for a chair, rinne ionad cathaoireach . To serve as a pretext, an example, (é) bheith ina leithscéal, ina shampla. 2 When occasion serves, ar faill; nuair a thiocfaidh an fhaill.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Troops serving abroad, saighdiúirí ar seirbhís i gcéin.
He served afloat, bhí ina mhairnéalach.
They'll serve as cannon-fodder, stopfaidh siad urchair.
First come first served, tagadh do sheal mar a tháinig féin.
It serves as a foil to her beauty, cuireann barr maise ar a háilleacht; is treisede a háilleacht é.
To serve a sentence of imprisonment, tréimhse príosúnachta a chur isteach.
To serve on the jury, bheith ar an gcoiste cúirte.
To serve a notice on s.o., duine a sheirbheáil le fógra cúirte.
It served as an offset to her beauty, chuir a háille os ard.
To serve a writ on s.o., eascaire a sheirbheáil ar dhuine.
It serves many purposes, is iomaí feidhm atá le baint as.
To serve at sea, bheith i seirbhís ar farraige.
To serve s.o. out for sth., éiric, sásamh, ruda a bhaint as duine.
To serve up food, bia a chur ar bord.
To serve up an old tale, seanscéal a aithris, a tharraingt anuas.
Serving soldier, saighdiúir ar seirbhís.
Dinner is served, sir, an dinnéar réidh, a dhuine uasail.
To serve five hundred people at one sitting, cúig chéad a chur chun boird in éineacht.
Solicitous to serve, fonnmhar chun friothála.
It will serve as a stop-gap, líonfaidh bearna; bainfear gaisneas as.
To serve a summons on s.o., duine a sheirbheáil.
To serve one's time (of apprenticeship), do théarma a chur isteach (mar phrintíseach).
This hat has served its time, a sheal tugtha ag an hata seo.
It will serve my turn, bainfidh mo sheal, mo ghairimint, as; déanfaidh cúis dom faoi láthair.
We are waiting to be served, táimid ag feitheamh le freastal.
F: It serves him jolly well right, is maith an airí air é; a chonách sin air!
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht