Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: éirigh as · éirigh ar · Irish Sea
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
seasamh suas (ó bheith sínte nó suite); teacht as an leaba; teacht aníos (éirí gréine); ardú (gaoth ag éirí); ard (éirí i mbóthar)
tabhairt suas, stopadh (d'éirigh sé as a phost)
a dhéanamh glan nó éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an lá); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sé sinn); gabháil thar (ghlan sé an coirnéal, an claí)
solas nó tine a theacht nó a chur ar rud (lampa, tine a lasadh; ní lasfaidh an gual); múscailt (lasadh feirge); éirí feargach (cneá ag lasadh); deargadh (las sé suas san aghaidh)
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
go dtí áit nó céim níos airde (dul suas ar stáitse; suas an staighre, an sliabh); ar leibhéal níos airde (dhá urlár suas); ardaithe, éirithe (tá na costais suas); in airde (seas, éirigh, suigh suas; tá an ghealach suas); ar bun, cearr (tá rud éigin suas); beo (an t-aos óg atá suas anois); go hiomlán (glan suas an teach)
bualadh fút ar shuíochán nó ar an talamh; bheith i seisiún (suí ar choiste; tá an chúirt ina suí); socrú síos (suí ar thalamh duine); éirí (an bhfuil sé ina shuí fós?); fanacht suas (suí le duine tinn); ligean ar cíos (talamh a shuí le duine); suíomh, socrú, bunú (shuigh sé campa ann; shuigh sé cíos orthu); áitiú (shuigh sé go daingean orm é); áit, loc (faire, suí seilge; suí rí); cathaoir, oifig (suí easpaig, an Suí Naofa)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht