SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an pháirt is ísle de rud (ó bhun go barr); stumpa (bun coinnle); deireadh (bun cúrsa); foinse (bun scéil); aird (bun na gaoithe); lorg (bun ruda a chur); caipiteal nó suim le a bheith ag cur leis (bun agus biseach airgid)
(crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige)
teacht slán; bisiú, teacht chugat féin; filleadh (téarnamh ó thuras); druidim le (ag téarnamh chun baile, ar am luí); teacht (ar an saol); teacht chun deiridh, bású (ó théarnaigh uainn an buachaill beo)
an treo a dtéann an ghrian faoi; taobh an chúil nó an droma de rud (tá sé taobh thiar díom); ag an deireadh (i ndeireadh a shaoil thiar; tráthnóna thiar); i bhfad siar (thiar sa seanreacht); cúl (tá thiar orm le mo chuid oibre)