SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
miotal geal luachmhar ar féidir snas breá a chur air chun earraí agus ornáidí luachmhara a dhéanamh; boinn mhiotail nó nótaí bainc chun íoc as rudaí; saibhreas (fear airgid)
ar dhath an tsneachta nó an aoil; ar dhath an airgid; cosúil le solas an lae nó na gréine; glan, sona; áthasach, geanúil (anam geal, gáire geal, a ghrá geal, is geal an scéal liom é)
rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra)
miotal geal leachtach a úsáidtear i mbaraiméadair agus i dteirmiméadair, airgead beo
iasc blasta farraige agus stríoca gormghlasa trasna a dhroma agus é ar ghile an airgid faoi, maicréal, murlas
stór, ciste (cur i dtaisce); airgead ar ús sa bhanc (cuntas taisce); stór, grá geal (is tú mo thaisce)