Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: geál · gal · geall · gealt · gealú
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
geal aid1 ar dhath an tsneachta an aoil; ar dhath an airgid; cosúil le solas an lae na gréine; glan, sona; áthasach, geanúil (anam geal, gáire geal, a ghrá geal, is geal an scéal liom é) fir1 dath geal
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
miotal geal luachmhar ar féidir snas breá a chur air chun earraí agus ornáidí luachmhara a dhéanamh; boinn mhiotail nótaí bainc chun íoc as rudaí; saibhreas (fear airgid)
substaint mhín gheal ghléineach de mhianach aoil a ndéantar ornáidí as
grá; grá geal, leannán
púdar geal a dhéanann cloch aoil dhóite agus a ndéantar moirtéal suimint as, a úsáidtear in uisce chun ballaí a ghealadh
gealadh le haol, aolghealadh
a bhfuil aol ann; ar ghile an aoil
duine ainmhí atá geal bán sa ghruaig san fhionnadh agus bándearg sna súile
iasc mór geal a bhfuil feoil bhlasta dhearg air
spotaí a chur a theacht i rud; gealadh (breacadh an lae); marcáil le litreacha, scríobh (páipéar a bhreacadh le scríbhinn); greanadh (tuama a bhreacadh)
glasra agus duilleoga móra glasa corcra air agus croí crua geal ann
snáth éadach a dhéantar as an gclúmh geal a fhásann ar phlanda cadáis
línéadach fíneálta geal
glasra agus bleibín geal agus blas an oinniúin air
ar aon chéim staid (le)(chomh geal le sneachta, chomh maith agus a bhí riamh)
glasra cosúil le cabáiste a bhfuil croí geal inite ann
miotal geal gléigeal nach dtagann smál meirg go héasca air
miotal geal gléigeal nach dtagann smál meirg go réidh air
cloch gheal luachmhar atá an-chrua ar fad, foirm de chriostail charbóin
gan solas; gan a bheith geal; dubh (dorcha sa chraiceann, craiceann dorcha) caoch, dall; (le duine) coimhthíoch, nach maith leis cuideachta
péacadh, geamhrú, teacht os cionn talún; gealadh (lae)
fionnadh geal geimhridh na heasóige a úsáidtear mar mhaisiú ar róbaí tiarnaí, etc.
feá, crann mór láidir agus craiceann geal air
crann a bhfuil coirt mhín gheal air agus adhmad crua ann, fáibhile
ceann de na rudaí crua geala sa bhéal a dhéanann cogaint ar bhia; aon cosúil le fiacail (fiacla círe, fiacla sáibh); scéimh, ciumhais (fiacail aille)
glan, soiléir; (le gruaig) geal, bán, éadrom i ndath
bán, geal
éirí bán geal; barrdhó
gráinní geala míne de chlocha meilte a chlúdaíonn trá gaineamhlach
scamall geal a éiríonn as uisce beirithe; toit ag éirí cosúil le gal as sop lasta tobac etc. (gal tobac, gal soip); puth the ghaoithe; fiuchadh fola, teas troda, crógacht; éileamh ( an-ghal ar mhuca); taom, racht (gal tinnis)
an bia bán in ubh; an pháirt gheal de mhogall súile
éirí geal a dhéanamh geal; breacadh (an lae)
tréimhse gheal (gealán gréine); léas, soilse, gealas (tine ghealáin)
gile, léas solais
rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma ( geall fáis sna barra)
planda gairdín a mbíonn bláthanna dearga bándearga geala go fras air
bail an ruda atá geal; gealas
a dhéanamh glan éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an ); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sinn); gabháil thar (ghlan an coirnéal, an claí)
geal, lonrach, soiléir
fíorgheal, geal lonrach; íon
geal le solas na gréine; taitneamhach
gamhain óg; grá geal (mo lao thú)
solas geal, as tine as coinneal
grá geal searc duine; aicíd, galar (is olc an leannán atá ort)
bán gléigeal (chomh geal le lítis)
solas, gile; drithle
soilseach, solasmhar; glé, geal
gile, soilseacht
gealadh lae
miotal geal a dhónn le solas dalltach
miotal geal leachtach a úsáidtear i mbaraiméadair agus i dteirmiméadair, airgead beo
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht