SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an spiorad nó an chuid inmheánach den duine a chreidtear a mhaireann tar éis a bháis; beatha (thit an t-anam as); brí, fuinneamh (cuir anam ionat féin)
duine nó ainmhí a bhfuil cuma an bháis air
rud a imeacht uait nó a bheith ar iarraidh (radharc, airgead, a chailleadh); gan a fháil (chaill mé an tAifreann); titim ar gcúl (cailleann an clog sin nóiméad sa lá); teip i gcluiche nó i gcomórtas; bás a fháil (ó cailleadh m'athair)
cuma, foirm, cruth (i gcló duine; tá cló an bháis air); clóbhualadh
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
bail dhona le breoiteacht (i gcróilí an bháis)
ealaín, go háirithe ealaín na filíochta; dréacht i bhfilíocht seachas i bprós ina léiríonn duine a smaointe agus a shamhlaíocht (i línte tomhaiste de ghnáth agus rím iontu); cinniúint (bhí an bás i ndán dó)
nádúrtha, dúchasach (ba dhual athar dó a bheith deas); oiriúnach (an áit is dual duit); i ndán nó beartaithe (do dhuine) (is dual dúinn uile an bás)
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)
eolas, léann (duine a bhfuil foghlaim air); fios ruda nó fios conas rud a dhéanamh a fháil (ag foghlaim léitheoireachta, snámha); múineadh (rud a fhoghlaim do dhuine); dul trí rud (ag foghlaim an bháis)
scamall; gruaim; buile, spreang (néal feirge); codladh beag (thit néal orm); támhnéal (tá néal an bháis air)
go dtí (go nuige seo); go dtaga (go nuige a bhás); fiú (go nuige an t-ainmhí féin)
duine a dtiteann oidhreacht air le bás an úinéara, comharba
an ola a chuireann sagart ar dhuine i mbéal báis
breithiúnas a leagtar ar dhuine mar gheall ar olc nó ar choir éigin (pionós báis); crá croí (is mór an pionós é)
caill, cúis bhróin (is mór an phúir a bhás)
oibriú (feirm, glasraí; a shaothrú); forbairt (ag saothrú ealaíon); tuilleamh (ag saothrú airgid, do bheatha); ionramháil, láimhseáil (saothraigh isteach an bád); foghlaim (ag saothrú an bháis); pá, tuarastal (tá saothrú maith aige)
i seilbh agat; seilbh a fháil ar; lonnú, fréamhú (tá an bás ag sealbhú ann)
ráiteas scríofa nó clóite faoi fhírinne ruda (teastas pósta, teastas breithe, teastas báis); teistiméireacht, deimhniú (faoi scrúdú a bheith faighte ag duine); tuairisc, cuntas (sin an teastas a fuair mé air)
i ndiaidh uimhreacha; tréimhse seasca nóiméad (uair an chloig); am (den lá, den bhliain); spriocam (ar uair ár mbáis); linn (baois na huaire); ócáid, babhta (uair sa bhliain, uair éigin; an uair sin); aimsir, uain; oiread (dhá uair chomh fada leis)