ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I am afraid he will die, is eagal liom go bhfuil an bás aige.
To be in the death agony, bheith ag saothrú an bháis; bheith ag tabhairt na gcor.
The alternative of death or submission, an bás, sin nó géilleadh.
The approach of death, ionsaí m an bháis.
His approaching death, an bás a bhí ag druidim leis.
He went ashy pale, tháinig dath an bháis air.
He died an awful death, is coscrach an bás a fuair sé.
Every bullet has its billet, níl dul i bhfolach ar an mbás.
A cadaverous look, dath m an bháis.
You will catch your death of cold, tolgfaidh tú galar do bháis as an bhfuacht sin.
Condemned cell, cillín an bháis.
There is a cure for everything but death, tá leigheas ar gach uile shórt ach ar an mbás.
The Dance of Death, rince an bháis.
Deadly pale, ar dhath an bháis.
He drank himself to death, thug sé a bhás féin leis an ól.
To be at death's door, bheith in uacht báis, bheith ag comhrá leis an mbás.
Death-bed confession, faoistin an bháis.
adv.He is deathly pale, tá lí an bháis air.
The executioner soon dispatched the prisoners, ba ghairid an mhoill ar an mbásaitheoir na príosúnaigh a chur chun báis.
To die in a ditch, bás a fháil cois an chlaí.
He met his doom at..., rug an bás air ag...
In a dying voice, de ghlór an bháis.
The fatal hour, uair na cinniúna, an bháis.
He met his fate in 1915, tháinig an bás air sa bhliain 1915.
To save s.o. from death, duine a shábháil ar an mbás.
Ghastly pale, ar mhílí an bháis.
Grim Death, an Bás Éadrócaireach.
To die in harness, bás a fháil ar an stiúir.
Hourly dread of death, eagla an bháis gach nóiméad den lá; gnátheagla an bháis.
If we are marked to die, más é an bás atá daite dúinn; má tá an bás i ndán dúinn.
His death was universally mourned, bhí an saol mór buartha faoina bhás.
F: It is much of a muchness, ionann an cás an t-éag is an bás.
Nigh unto death, i mbéal an bháis.
He died of the fever, fuair sé bás leis an bhfiabhras.
He was deadly pale, ghastly pale, bhí dath an bháis air.
The pangs of death, saigheada an bháis.
He has no regard for human life, is beag an scéal leis bás duine.
Death is no respecter of persons, comhuasal duine ag an mbás.
Rigor mortis, teannáil f an bháis.
To save s.o. from death, duine a shábháil ar an mbás.
The shadow of death, scáil an bháis.
Death sooner than slavery, an bás de rogha ar an daorsmacht.
Death spares no one, ní thugann an bás cairde d'aon duine.
He died in terrible agonies, shaothraigh sé an bás go léanmhar.
The night that he died, an oíche a fuair, a bhfuair, sé bás.
In the throes of death, i gcróilí an bháis.
Unearthly pallor, mílí f an bháis.
The wages of sin is death, is é is tuarastal don pheaca an bás.
The night when he died, an oíche a fuair, a bhfuair, sé bás.