SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
radharc na súl a bhaint de dhuine; dalladh (chaoch an solas é); dúnadh, tachtadh (chaoch an píopa)
comhla ar insí ar féidir í a oscailt agus a dhúnadh i dteach nó i seomra nó i gcupard; an oscailt ina bhfuil an chomhla; (sheas sé sa doras); oscailt, mar a bheadh ar chneá
dúnadh (doras, leabhar, a dhruidim); teannadh (druid isteach leis an tine; druid aníos anseo; druid amach uaim)
comhla, geata, clúid etc. a tharraingt ar rud, iamh; tarraingt le chéile, fáscadh (casóg a dhúnadh); clabhsúr, bailchríoch (dúnadh dáin); líonadh (poll a dhúnadh; dhún an ceo isteach orainn)
snag, slogadh tobann anála sa scornach a dtagann tritheamh tobann scairte leis agus dúnadh bharr an phíobáin
oscailt i ndeic loinge, nó in urlár nó i ndíon foirgnimh etc., agus comhla dhúnta air; an chomhla féin
dúnadh (d'iaigh sé an doras); fraitheacha (níl greim faoi iamh an tí)
dúnadh céarach nó luaidhe a chuirtear ar cháipéis mar chruthú gur fíorcháipéis í agus nach brionnaithe atá sí, nó ar rud ar bith ionas nach féidir é a oscailt gan an dúnadh a bhriseadh; marc, iarsma (d'fhág an aicíd a séala air)