SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
do theach féin nó teach do mhuintire; aonad de thalamh ceantair, baile fearainn; tithe agus siopaí le chéile in aon áit amháin
mias uisce; aon áit leathan a mbíonn uisce ann
ar dhath an tsneachta nó an bhainne; fionn (gruaig bhán); báiteach (bán san aghaidh); folamh (tá an áit bán); díomhaoin, fiáin (ag imeacht bán); gan aon bharr ag fás air ach féar (talamh bán)
fásach, áit gan aon duine; áit do dhíthreabhach
réigiún gan uisce agus gan aon ní ag fás ann; áit atá bánaithe ar fad; áit a bhfuil fás fiáin féir ann
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
bealach, bóthar (ag siúl na slí; ar mo shlí abhaile) treo (tar an tslí seo); turas (is fada an tslí é); spás (níl slí san áit dóibh); modh, dóigh (slí bheatha; ar shlí, ar aon slí); eagar ceart (slí a chur ar shábh)
ardán; aon áit chrochta in amharclann nó i halla a léirítear seó air; seastán (stáitse naomhóige); scafall; áit, ionad (is é do stáitse go maidin é; a stáitse ar neamh)
líne chríche idir dhá áit (teorainn feirme, tíre); an pointe is airde nó is faide (teorainn aoise, ama; teorainn luais); fóir, críoch (dul thar teorainn le rud; níl aon teorainn leis)
aon áit taobh amuigh de bhaile mór nó de chathair; aon talamh nó náisiún ar leith (an Fhrainc, an Spáinn - dhá thír san Eoraip); ceantar, réigiún (sa taobh tíre seo); talamh (i gcomórtas le farraige) (dul i dtír, rudaí a chur i dtír); tuath (ceol tíre; buachaill tíre)
focal nó figiúr a léiríonn cá mhéad (uimhreacha is ea 0, 3, 16, 106 etc.); áit aon ruda i sraith (teach leis an uimhir 7 i sráid, mar shampla); líon, méid (duine dá n-uimhir, uimhir dá ndaoine)