Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: athair · cathaoir · ceathair · achair · carthain
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cathair bain baile tábhachtach atá níos mó ná baile mór cathair ghríobháin gréasán atá lán de chosáin agus de phasáistí agus é deacair teacht as
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
fear a bhfuil clann aige; duine dár sinsear (ár n-aithreacha romhainn); seanóir (aithreacha na cathrach); sagart (an tAthair Ó Riain); Dia (an tAthair an Mac agus on Spiorad Naomh)
seomra mór in ospidéal agus leapacha do dhaoine breoite ann; roinn riaracháin de chathair
coiste comhairleoirí a riarann cathair nó baile mór
imeall, scéimh (bruach abhann, bruach aille, bruach cathrach); cóngaracht (ar bhruach cogaidh); at (tá bruach ar mo shúil)
baile ar imeall cathrach
léarscáil farraige mar aon le cóstaí, taoidí, doimhneacha agus tanaíocha, agus baill chontúirteacha eile; cáipéis scríofa oifigiúil ina dtugtar cearta agus pribhléidí, go háirithe ceann a thagann ó cheann stáit nó ó rialtas (cairt baile, cairt cathrach)
áitritheoir cathrach; saoránach tíre
limistéar, réigiún, taobh tíre; cuid de chathair nó de chontae
fíor cheathairchúinneach dhronuilleach agus a ceithre shlios ar aon fhad; spás leathan oscailte i gcathair nó i mbaile
turas, cúrsa (thugamar cuairt na cathrach); turas gearr ar áit nó ar dhuine
cuntas oifigiúil ar a bhfuil de dhaoine i dtír, i gcathair etc.
ceantar cathrach ina gcónaíonn aicme nó cine ar leith
an spás taobh istigh de dhoras tosaigh tí; an príomhsheomra i bpálás nó i dteach mór; seomra mór a úsáidtear ar ócáidí speisialta (halla rince); teach mór poiblí (halla baile, cathrach)
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
balla (múr cathrach); toirt mhór (múr ceo, deataigh, báistí); cith fearthainne; cuid mhór, mollta (na múrtha airgid)
an chathair is mó tábhacht (Is é Baile Átha Cliath príomhchathair na hÉireann)
neamhspleáchas (saoirse na tíre); cead do chinn (saoirse an duine); pribhléid, gradam (saoirse na cathrach); bail an ruda atá saor nó neamhchostasach
an fad a mhaireann duine nó rud (fad saoil chugat; ar feadh mo shaoil); staid bheatha (an saol seo; an saol atá inniu ann; bhí saol crua acu); cineál beatha (saol na cathrach; saol an mhadra bháin); aoibhneas beatha (is acu atá an saol; is leo an saol); cúrsaí an duine ó lá go lá (aghaidh a thabhairt ar an saol; d'éirigh an saol leo); an chruinne go léir (ó rinneadh an saol); an domhan (sin a bhfuil sa saol agam; ar ór an tsaoil); an uile dhuine (an saol mór; bhí an saol is a mháthair ann)
áit bhocht shuarach phlódaithe i gcathair
aon áit taobh amuigh de bhaile mór nó de chathair; aon talamh nó náisiún ar leith (an Fhrainc, an Spáinn - dhá thír san Eoraip); ceantar, réigiún (sa taobh tíre seo); talamh (i gcomórtas le farraige) (dul i dtír, rudaí a chur i dtír); tuath (ceol tíre; buachaill tíre)
tuirlingt; titim, meath (turnamh cathrach, turnamh lae)
a bhaineann le cathair nó le baile mór seachas leis an tuath
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht