TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ceann fir1 an chuid den chorp taobh thuas den mhuineál; meabhair, éirim aigne (fear a bhfuil an-cheann air); ceannaire, taoiseach (ceann teaghlaigh, ceann treora); barr (ceann tairne; ceann staighre, leapa); tús, tosach (ceann báid; chun cinn); deireadh (ceann téide); aonad (ceann amháin, dhá cheann) ► i gceann ag deireadh (i gceann seachtaine); i bhfeighil, ag freastal ar (i gceann a ghnóthaí, dul i gceann oibre); le chéile (rudaí a chur i gceann a chéile) ► Ceann Comhairle an duine a stiúrann imeachtaí sa Dáil ► ceann feadhna ceannaire, ceannasaí ► ceann tíre rinn talún ag gobadh amach san fharraige ► ceann urra duine a bhfuiltear ag brath ar a údarás, ceannaire ► thar ceann ar son; in ionad
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ceann tíre a théann i bhfad amach san fharraige
bior, pointe; barr, mullach (ó rinn go sáil); ceann tíre; bior claímh nó scine
neamhspleáchas (saoirse na tíre); cead do chinn (saoirse an duine); pribhléid, gradam (saoirse na cathrach); bail an ruda atá saor nó neamhchostasach
muintir uile aon tíre faoin rialtas céanna; críoch nó cuid de thír atá nasctha le cinn eile faoi aon rialtas amháin (mar shampla, Stáit Aontaithe Mheiriceá); an rialtas (agus a chuid feidhmeannach); dínit, stáidiúlacht