SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
tógáil in airde (ardú ón talamh); cur suas nó chun cinn (ardú céime); dul suas (cnoc a ardú); tógáil (rud a ardú leat)
gob, pointe (barr méire, barr pinn); an pointe is airde, mullach (barr crainn, barr cnoic); an pháirt uachtarach (barr tí, barr leathanaigh); uachtar (ar bharr talún, ar bharr an uisce); rud a fhásann ar bharr talún (barr coirce, barr prátaí); toradh (de bharr mo shaothair); breis (barr ar mhíle); bua (barr a bhreith ar dhuine); deireadh (tá mé i mbarr mo chéille acu)
barr géar cnoic nó sléibhe; balla cinn tí a bhfuil barr triantánach air; aill; cúinne; ciumhais, imeall; tosach sciorta
uirlis fhiaclach le gruaig etc. a réiteach; barr (cíor coiligh, cíor cnoic); sraith, cnuasach (cíor fiacla, cíor mheala)
cíor bheag; cíor ar cheann éin, cuircín; mullach cnoic, toinne etc.
cnoc beag; carn, cúil (cnocán airgid)
gleann idir dhá chnoc, ailt
= de + a4 (le hainmfhocal teibí) (dá airde an cnoc; dá fheabhas iad)
talamh íseal idir dhá dhroim tíre nó idir dhá chnoc; log (gleann i ndroim duine, gleann i ndíon tí)
leiceann; ciumhais, imeall; mullach (cnoic)
an pháirt den chorp idir an muineál agus an lámh; aon ní cosúil leis sin (gualainn cnoic, gualainn báid)
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
gan a bheith ard (cnoc, teach, íseal); íochtarach (tír íseal, íseal san uisce, íseal i gcéim); suarach, gránna (gníomh íseal); lag (glór íseal); ar easpa brí (tá sé go híseal anocht)
binse nó dreapa cloiche; lantán féarmhar (ar thaobh cnoic)
paiste deas leibhéalta; paiste féarmhar (ar thaobh cnoic)
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
taobh den aghaidh; taobh cnoic
taobh amháin den aghaidh, leaca, pluc; slios (cnoic)
líne chlúimh ar éadan duine os cionn na súile; éadan duine; éadan cnoic suas go barr, slios
barr, buaic (mullach cnoic, mullach an chinn); áit ard; maoil (ar ualach)
an saol máguaird seachas mar atá déanta ag an duine (ar nós plandaí, ainmhithe, aibhneacha, cnoic etc.); buntréithe duine (an nádúr daonna) nó ruda (tá nádúr gainimh sa talamh sin); bá, cineáltas (lán de nádúr); an domhan saolta (dlíthe an nádúir; os cionn nádúir)
cnoc ard; maidhm (sléibhte mara); talamh bocht, riasc, corrach
ina s(h)uí; in áit nó in ionad (suite ar thaobh cnoic); cinnte, dearfa; (le duine) íseal téagartha
poll fada faoi thalamh agus é gearrtha faoi chnoc nó faoi uisce
brollach; an chuid tosaigh, uachtarach (ucht cnoic, ucht loinge); lán uchta (ucht cainte a chur díot); aghaidh (ucht a thabhairt ar rud a dhéanamh)
ualach uchta; mala ghearr cnoic