TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
comhrac fir1 troid, coimhlint; bualadh le chéile (comhrac an dá uisce, comhrac lae is oíche) ► comhraiceach aid1 ► comhraiceoir fir3
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
compánach (céile comhraic, céile imeartha); an té atá pósta ag duine (bean chéile, fear céile)
comhrac ar nós madraí, coraíocht
rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra)
fear claímh i gcluichí comhraic na sean-Róimhe
scil nó ealaín an chomhraic le claimhte maola; claíomh maol
comhrac, troid, coimhlint
coimhlint i gcomhrac nó le doirne (troid a chur ar dhuine; ná bí ag troid leis)