TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
crochta aid3 ar crochadh; ardaithe; ard, géar (aill chrochta, cosán crochta)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
leaba luascáin de líontán nó de chanbhás agus í crochta le rópaí ar gach ceann di
spíce d'aol silte, agus é cruaite arís, a bheadh crochta anuas as an díon in uaimh
leithead éadaigh agus dathanna éagsúla air, crochta ar cuaille (uaine, bán agus flannbhuí na dathanna atá ar bhratach na hÉireann)
ball éadaigh gan muinchillí crochta ar na guaillí; bóna cóta nó casóige
stumpa mór crainn; carraig mhór; ardán crochta; bac i mbealach
suíochán crochta ar ropaí nó ar shlabhraí
brat éadaigh crochta ar fhuinneog nó ar bhéal stáitse
an chuid d'ainmhí, d'eitleán etc., a ghobann uaidh siar; an taobh thiar de dhuine nó de rud (ná bí crochta as m'eireaball; líon eireabaill); íochtar (eireaball cóta, léine)
áiléar nó urlár suíochán thuas go hard in eaglais nó in amharclann; seomra fada a bhfuil pictiúir crochta ann
maide crochta ar dhá rópa le bheith ag luascadh agus ag gleacaíocht air
bláth crochta (milleanna fiúise)
biorán (pionna gruaige, srathrach); peig, biorán crochta (éadaí ar phionna; pionnaí pubaill); bloc beag adhmaid a úsáidtear mar chuspóir i gcluichí babhlála
bruach crochta (ar scéimh na haille)
oirnimint chrochta; bláth crochta nó silte